I Miotaseolaíocht na nGael, scabhaire agus sliocht de na Tuatha Dé Danann ba ea Abarta (Sean-Ghaeilge Ábartach[1][2]), a raibh gaol ar leith aige le Fionn mac Cumhaill.[2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÁbartach
Cineáldia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtmiotaseolaíocht na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tá scéal ar leith ann a léiríonn a lúbaireacht, ina thairg sé féin mar ghiolla d'Fhionn mac Cumhaill, go gairid agus Fionn tar éis ceaptha ina thaoiseach na bhFiann i gcomharbacht ar a athair.[2] Mar bheart dea-thola, thug Abarta dóibh capall liath fiáin, arbh éigean do cheathrar Fiann déag dul ar a mhuin sula mbogfadh sé.[2] Chuaigh Abarta ar a mhuin ansin taobh thiar desna Fianna, agus chuaigh an capall ar cosa in airde, ag breith na ngaiscí chuig sidhe na dTuath Dé Danann.[2][3] Bhí ar na Fianna, i gceannas Fholtair, giolla Fhinn agus a lorgaire is fearr, long draíochta a fháil chun dul ar a dtóir.[2] D'éirigh le Foltar eolas an bhealaigh a dhéanamh isteach sna sidhe agus na gaiscí a aimsiú. Cuireadh ar Abarta na Fianna a scaoileadh saor agus, chun onóir a shásamh, greim a bhreith ar eireaball an chapaill go dtarraingeofaí é ar ais go hÉirinn.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. abartach ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 Cotterell, Arthur: The Encyclopedia of Mythology, lch. 96, Hermes House, 2007. ISBN 1-84038-894-3
  3. 3.0 3.1 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 1, Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1