I bhfiseolaíocht plandaí, is é rud is áicsin[1] ann fíteahormón a bhíonn riachtanach i gcomhair fáis agus forbartha na bplandaí. Tá an t-ainm áicsin díorthaithe ón tSean-Ghréigis αυξανω ("auxano" -- "fásaim").

Iondóilaigéad aicéiteach (IAA) a dtugtar ar an mball is tábhachtaí i rang na n-áicsin.

Tugtar áicsiní ar aon substaint a thaispeánann na hairíonna céanna i bhforbairt agus rialú na bplandaí. Is cuma iad nádúrtha nó sintéiseach.

Is iad áicsin, gibrilin agus cíticinin na hormóin mhóra de chuid na bplandaí.

Is é Fritz Went (1903-1990) an t-eolaí Ísiltíreach a thug faoi deara don chéad uair feidhm an hormóin i bhfás na bplandaí. Iondóilaigéad aicéiteach (IAA) a dtugtar ar an mball is tábhachtaí i rang na n-áicsin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): áicsin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-16.

Naisc sheachtracha cuir in eagar