Cuid den diúlfaíoch, an feadán fada matánach a ghabhann ó íochtar na farainge tríd an tóracs go dtí an goile. Timpeall 24 cm ar fhad i nduine fásta, líneáilte taobh istigh le cisil lannacha eipitéiliam. An chuid is matánaí de chonair an díleá. Teannann sé solaid is leachtanna a thógann an béal isteach le tonnta craptha a chuid matán, a dtugtar imfháscadh air, i dtreo an ghoile. Tá go leor cúnguithe ar feadh a chúrsa, a chuireann moill ar an ábhar atá á theannadh síos ann. Má bhíonn ábhar creimneach san ábhar a shlogtar siar, déantar níos mó damáiste don éasafagas ag na pointí cúngaithe sin ná áiteanna eile.[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtÉasafagas
Sonraí
Laidinoesophagus
Cuid deconair an bhia dhaonna
esophageal artery (en) Aistrigh
esophageal veins (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD004947
TAA05.4.01.001
FMA7131 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1144
EB Onlinescience/esophagus
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Éasafagas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 238.