Éirí Amach na dTuathánach


Tharla Éirí Amach na dTuathánach i Sasana sa bhliain 1381.[1] Bhí na tuathánaigh faoi bhrú ag ualach trom cánacha. Ar 30 Bealtaine 1381 in Essex, rinne John Bampton, feidhmeannach ríoga, iarracht cánacha a thabhairt isteach. Chuir an splanc an breosla ar thine. Phléasc gearáin na dtuathánach amach, ag iarraidh deireadh a cur leis an seirfeachas, i measc éilimh eile, Bhí an t-ádh dearg ar an rí, Risteard II (in aois 14 bliain dó) gur tháinig sé beo as.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtÉirí Amach na dTuathánach
Íomhá
Cineálpeasant revolt (en) Aistrigh
éirí amach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Bealtaine - Samhain 1381
Dáta na blianaSamhain 1381 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSasana, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata

Dlí an tslua cuir in eagar

Maraíodh na mílte daoine ar an dá taobh is cosúil; feidhmeannaigh ríoga, bailitheoirí cánach, dlíodóirí, breithimh, srl ar taobh amháin; agus ar an taobh eile,na tuathánaigh agus na ceannairí, tar éis do na fórsaí ríoga ceannairí na hagóidí a locadh níos déanaí.

Scríobh Shakespeare faoi na himeachtaí, "An chéad rud atá le déanamh, maraímis gach dlíodóir."[2]

 
John Ball circa 1470 (MS, Froissart Chronicles)ː

Ar 14 Meitheamh 1381, bhain dronga as Kent, Essex agus na contaetha eile Londain amach. Líon méid an tslua na saighdiúirí a bhí ann le heagla. Ní raibh ach cúpla céad saighdiúir ann (bhí an chuid is mó sa i dtuaisceart Shasana, ar an teorainn, nó in Éirinn) agus níor éirigh leo smacht a fháil ar na dronga a bhí i mbun na círéibe.

Mar sin, rinne dronga a bhí ar an daoraí cathair Londan a ionsaí. Ar an 14 Meitheamh, maraíodh Ard-Seansailéir Shasana, Simon of Sudbury.[3] Baineadh an cloigeann de.

 
circa 1470 (MS, Froissart Chronicles)ː Mharaigh Walworth an ceannaire Wat Tyler

D'eisigh na tuathánaigh liosta de na nithe a bhí uathu. Thug an rí, Risteard II agus in aois 14 bliain dó, isteach dá gcuid éileamh. Ach rinne sé athchomhairle an lá dár gcionn, 15 Meitheamh. Baineadh an ceann den Ridire John Cavendish, Príomh-Bhreitheamh Bhinse an Rí i Sasana (agus Seansailéir Ollscoil Cambridge) ar an la céanna. Duine de na ceannairí ab ea Wat Tyler agus maraíodh é ar an 15 Meitheamh chomh maith.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Let’s Kill All the Lawyers! Shakespeare (Might Have) Meant It" (en-US). The Florida Bar. Dáta rochtana: 2020-06-15.
  2. Cé gur le ceannairc Jack Cade i 1450 a bhaineann an abairt a leagann Shakespeare (Anraí VI, páirt 2 | Gníomh 4, Radharc 2) ar an mBúistéir Risteárd, i ndáiríre bhí sé ag scríobh faoi Éirí Amach na dTuathánach beagnach seachtó bliain roimhe sin.
  3. UCD School of Law. "Éirí Amach na dTuathánach" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-15.