Óglaigh na hÉireann (1919-1922)

eagraíocht mhíleata Éireannach 1919–1922

Eagraíocht mhíleata Éireannach ab ea Óglaigh na hÉireann, a bhí gníomhach idir na blianta 1919 agus 1922. D'fhás sé amach as grúpa eile leis an ainm céanna, Óglaigh na hÉireann, an eagraíocht a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Nuair a d'fhógair Dáil Éireann an phoblacht nua sa bhliain 1919, haithníodh na hÓglaigh mar arm oifigiúil na tíre. Chaith siad na blianta idir 1919 agus 1922 ag troid i gcoinne Rialtas na Breataine i gCogadh na Saoirse, go dtí gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach.

Bosca Sonraí EagraíochtaÓglaigh na hÉireann
Sonraí
Cineáleagraíocht mhíleata
paraimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Scartha óÓglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1919
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1922 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitÓglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtMícheál Ó Coileáin
Risteárd Ó Maolchatha
Cathal Brugha Cuir in eagar ar Wikidata
Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)

Bhí scoilt san eagraíocht maidir le tacú an chonartha, agus throid an dá thaobh in aghaidh a chéile i gCogadh Cathartha na hÉireann. D'fhan taobh amháin dílis don Saorstát mar arm oifigiúil, ag cur cogadh ar na frith-chonraitheoirí, an tIRA neamhoifigiúil, a mhairfeadh i bhfoirm éigin go dtí an lá inniu.

Tagairtí cuir in eagar