Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann)

fórsaí armtha i bPoblacht na hÉireann

Tugtar Óglaigh na hÉireann ar fhórsaí cosanta Phoblacht na hÉireann, ina n-áirítear an tArm, an tAerchór, an tSeirbhís Chabhlaigh, agus na hÓglaigh Cúltaca. Defence Forces a thugtar orthu as Béarla.

Bosca Sonraí EagraíochtaÓglaigh na hÉireann
Sonraí
Cineálfórsaí armtha Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Deireadh Fómhair 1924
Le cuid

Suíomh gréasáinmilitary.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: DefenceForces Twitter: defenceforces Youtube: UCjfwRSvcaGpInbj888JycaA Cuir in eagar ar Wikidata
Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)

Is é misean na nÓglach na slándáil an stáit a chinntiú don trí chríocha na tíre a chosaint faoi stiúir Rialtas na hÉireann. Príomhchuspóirí na nÓglach ná:

  • an stát a chosaint ar ionsaithe armtha,
  • cuidiú leis an Gharda Síochána leis an tsíocháin a chóiméad sa tír,
  • eadráin a dhéanamh i machairí áir an domhain, go háirithe faoi bhrat na Náisiún Aontaithe, agus
  • coimirce a thabhairt do na hiascairí timpeall na tíre.

Arm cuir in eagar

 
Saighdiúirí - Arm na hÉireann

Is é Arm na hÉireann an brainse is mó de na hÓglaigh, agus ocht míle go léir de shaighdiúirí ar fiannas ansin. Tá trí bhriogáid cos-slua ann faoi láthair, is é sin,

  • briogáid an Deiscirt,
  • briogáid an Oirthir, agus
  • briogáid an Iarthair.

Cabhlach cuir in eagar

 
Mairnéalaigh - Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann

Tá ceanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh suite in Inis Sionnach i gCuan Chorcaí. Tá 1,144 mairnéalach ar fiannas sa tSeirbhís Chabhlaigh, agus ocht long ann ar fad. Is iad na longa ná LÉ Emer (P21), LÉ Aoife (P22), LÉ Aisling (P23), LÉ Eithne (P31), LÉ Orla (P41), LÉ Ciara (P42), LÉ Niamh (P52), agus LÉ Róisín (P51).

Aerchór cuir in eagar

Is é Aerchór na hÉireann aerfhórsa Bhuan-Óglaigh na hÉireann, agus é lonnaithe in Aerfort Mhic Easmainn, i gContae Átha Cliath. Tá thart ar 850 duine ar fiannas san Aerchór i láthair na huaire.

Tagairtí cuir in eagar