Is í Óige Ghlas (Young Greens as Béarla) eagraíocht na n-óg ag an gComhaontas Glas in Éirinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaÓige Ghlas
Sonraí
CineálComhaontas Glas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2002
Gníomhaíocht
Ball deFederation of Young European Greens (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinyounggreensireland.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ygireland Twitter: younggreens Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bunaíodh í i Márta 2002. Ar an mórchuid, bíonn an eagraíocht seo ag díriú ar shuim sa pholaitíocht ghlas a spreagadh i measc mhic léinn na n-ollscoileanna, chomh maith len iad a earcú don pháirtí. Bunaíodh an eagraíocht sna ceithre phríomhchampas ar dtús, ach tá sí i ndiaidh scaipeadh amach de réir a chéile go dtí institiúidí tríú leibhéal eile faoin am seo.

Agus Mí na Nollag 2007 ann, tá cumainn de chuid Óige Ghlas le fáil in ocht n-ollscoil, mar atá, UCC, UCD, TCD, NUIG, NUIM, DLIADT, UL, IT Leitir Ceanainn agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Gníomhaíochtaí cuir in eagar

Bhí an eagraíocht páirteach i bhfeachtais pholaitiúla éagsúla go dtí seo. Ina measc bhí an feachtas i gcoinne an chogaidh san Iaráic, chomh maith le feachtais tacaíochta ar son Phrótacal Kyoto agus ar son na Cóirthrádála. In éineacht leis sin, bíonn feachtasaíocht ar siúl acu ar son cearta daonna, cosaint na timpeallachta agus maoiniú breise don oideachas. Bíonn an eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta agus áitiúil araon.

Struchtúr cuir in eagar

Tá ocht bpost [1] ar fheidhmeannas na heagraíochta, is iad sin:

  • Cathaoirleach
  • Rúnaí
  • Cisteoir
  • Oifigeach Cumarsáide
  • Oifigeach Feachtas
  • Comhordaitheoir Polasaithe
  • Oifigeach Teagmhála Idirnáisiúnta
  • Oifigeach um Fhairsingiú

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-01-22. Dáta rochtana: 2008-01-04.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar