Is móilín tríadamhach é an t-ózón, agus é comhdhéanta as trí adamh ocsaigine. Is foirm nó allatróp de chuid na hocsaigine é, nach bhfuil chomh cobhsaí leis an ngnáthocsaigin O2. Tá móilíní dhá adamh sa gnáthocsaigin, mar a léiríonn an fhoirmle, agus dá réir sin chloisfeá an téarma dé-ocsaigin (Béarla dioxygen) ó lucht na ceimice ó am go ham. Cosúil leis sin thabharfá trí-ocsaigin (trioxygen) ar an ózón de réir théarmaíocht chórasach na ceimice.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachÓzón
Substaint cheimiceachsimple substance (en) Aistrigh, allotrope of oxygen (en) Aistrigh agus aicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach47.985 Da
Rólphotochemical oxidant (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachO₃
SMILES canónta
Model 2D
[O-][O+]=O
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.0021445 g/cm³ (a 0 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht0.001 g/100 g (uisce, 0 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0.5337 D agus 0.534 D
Pointe leáite−193 °C
−197.2 °C
−193 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe−112 °C (a 760 Torr)
−111.9 °C
−111.35 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach238.9 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach0.5337 D agus 0.534 D
Galbhrú1 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama0.2 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Uasteorainn nochta0.2 mg/m³ (luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte9.8 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata
Timthriall an ózóin san atmaisféar

An t-ózón thuas in atmaisféar an Domhain, is gás an-fhóinteach é, nó ólann sé chuige (súnn sé isteach) an radaíocht ultraivialait dhíobhálach atá ag teacht ón nGrian. San am chéanna, áfach, is gás nimhe é an t-ózón ag leibhéal na talún, nó déanann sé dochar do chóras ríospráide na n-ainmhithe agus na ndaoine daonna araon. Oibríonn an t-ózón ar na scamhóga agus na broncais mar a oibríonn an clóirín, is é sin, cuireann sé leacht ag carnadh sna scamhóga, ionas go mbáfar an t-othar ar an talamh slán.

Tá ózón ar fáil i dtiúchan íseal fud fad atmaisféar an domhain, agus a lán feidhmiúcháin thionsclaíocha agus tomhaltacha aige.


An Ciseal Ózóin agus a Lagú cuir in eagar

Tugtar ciseal ózóin ar an gcuid den atmaisféar atá saibhir in ózón, agus é ina sciath chosanta idir sinn agus radaíocht ultraivialait na Gréine. Tá an radaíocht seo thar a bheith díobhálach don duine agus don bheatha go léir, agus mar sin tá muid go mór mór i dtuilleamaí an chisil seo. Tá an ciseal ózóin suite idir 15 agus 35 ciliméadair ó dhromchla an Domhain, ach tá ramhracht an chisil ag brath ar an am den bhliain agus ar an ngeograife.

Ba iad na fisiceoirí Francacha Charles Fabry agus Henri Buisson ba thúisce a d'aithin an ciseal ózóin. Tuigeadh dóibh go raibh cuid den radaiocht a bhí ag teacht as an nGrian ar lár, is é sin nár shroich sí dromchla an Domhain riamh, agus go raibh bac nó cosc idir sinn agus an Ghrian a choinnigh an radaíocht sin siar. Ba é an t-ózón thuas san atmaisféar an cosc sin. Ba é an meitéareolaí Sasanach G.M.B.Dobson a chuir tús le monatóireacht an ózóin san atmaisféar, nó thóg sé gréasán domhanda de stáisiúin tomhaiste ózóin sna blianta 1928-1958. Tá na stáisiúin seo ag obair i gcónaí, agus an t-aonad a úsáidtear le hózón uachtar an atmaisféir a thomhas tugtar "aonad Dobson" air leis an bhfear féin a onórú.

Sa bhliain 1976 a d'aithin na saineolaithe an chéad uair go raibh gníomhaíocht an duine - na clórafluaracarbóin ach go háirithe - ag déanamh dochair don chiseal ózóin. Comhdhúile iad na clórafluaracarbóin a bhí á n-úsáid mar thiomantáin sna buidéil aerasóil agus mar chuisneáin sna cuisneoirí agus na reoiteoirí. Thairis sin bhí na heitleáin fhorshonacha, cosúil le Concorde, ag ídiú an ózóin chomh maith. Ó 1990, tharla laghdú 50%+ i dtiúchan an ózóin os cionn na bpol, agus deirtear go bhfuil poil sa chiseal ózóin.[1]

Bhí an cine daonna in ann cur le chéile leis na teicneolaíochtaí a chosc a bhfuil dainséar agus damáiste iontu don chiseal ózóin, agus dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le hídiú an ózóin.

Stair cuir in eagar

Ba é an t-ózón an chéad allatróp de chuid aon dúil cheimiceach a d'aithin lucht na heolaíochta, nó ba é Christian Friedrich Schönbein, sa bhliain 1840, a léirigh roimh aon duine eile gur gás ar leith é an t-ózón agus a thug an t-ainm ózón air.

D'aimsigh Jacques-Louis Soret foirmle cheimiceach an ózóin, O3, sa bhliain 1865 agus dheimhnigh Schönbein sa bhliain 1867 í.

Nuair a thuig na heolaithe sna 1970idí go raibh gáis shaorga a úsáidtear i gcuisneoirí agus aerasóil ag déanamh poill sa chiseal ózóin, thosaigh an comhphobal idirnáisiúnta ag éirí as úsáid na ngás sin de réir a chéile.[2] Dréachtaíodh comhaontú ar a dtugtar Prótacal Montréal chun deireadh a chur le húsáid na substaintí dainséaracha sin ar a dtugtar clórafluaracarbóin (CFCanna) de réir a chéile.

D’éirigh chomh maith sin le hiarrachtaí is go bhfuil an ciseal ózóin ar bhóthar ceart a athshlánaithe faoi lár an 21ú haois.

Ar an drochuair, tháinig gáis fhluairínithe, ar a dtugtar F-gháis in ionad na CFCanna — agus na substaintí a tháinig ina ndiaidh — de réir a chéile. Ní théann siad sin i gcion ar an gciseal ózóin ach is gáis cheaptha teasa chumhachtacha iad. Mar sin bhí na húdaráis ag gníomhú uair amháin eile: i mí Dheireadh Fómhair 2016, d’aontaigh an 195 thír a shínigh Prótacal Montréal teorainn a chur leis an úsáid a bhaineann siad as na gáis dhíobhálacha seo.

Sanasaíocht cuir in eagar

Focal Gréigise é 'ózón' a chiallaíonn "boladh", ós rud é go mbíonn boladh suntasach as an aer nó an ocsaigin trína ngabhann díluchtú leictreachais. Is é an t-ózón is cúis leis an mboladh seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Ozone Hole". www.theozonehole.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-17. Dáta rochtana: 2019-09-16.
  2. An tAontas Eorpach. "Ár bpláinéad, ar dtodhchaí". Dáta rochtana: 2019.