Rugadh Nicholas George Shanks ar an 1 Bealtaine 1981 sa Queen's Medical Centre in Nottingham. Is Albanach a athair agus Ungárach a mháthair. Tógadh in West Bridgford é agus rinne sé aistriú le 18 mbliain d'aois chuig Hatfield le dul chun na hOllscoile Hertfordshire, áit a ndearna sé cúrsa astraifisice.

Tá Nicholas ina stiúrthóir bhainistíochta de Cognition Games, Ltd., anois. Scríobhann sé bogearraí don Apple Macintosh agus cuireann sé amú a am saor ag léamh nuacht na BBC agus ag foghlaim teangacha (Gàidhlig, Latina, 日本語, Русский srl.). Seachas an astraifisic, an ríomhchlarú agus an teangeolaíocht, tá suim aige sa seandálaíocht, sa phalae-onteolaíocht, sa phalae-antraipeolaíocht, san eitilt spáis le daoine agus gan daoine, sa teirreafoirmiú, sna mná, sna tubaistí nádurtha agus ina lán ábhair eile. Maidir leis an cheol, tá dúil aige in Bruce Springsteen, The Police, Die Prinzen, Chris Isaak, Jefferson Airplane, Peter Gabriel, The Steve Miller Band agus U2 idir a lán lán grúpaí eile.