Stát idéalach is ea útóipe, mar a bhfuil gach rud in eagar ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne, gan rian de dhrochrudaí cosúil le bochtanas ná ainnise. Tugadh an teideal mar ainm ginearálta ar gach coincheap den saghas ag fealsaimhaislingigh.

leabhair le Thomas More

Stair cuir in eagar

Teidil leabhair le Thomas More (1478-1516) ba ea Utopia (1516).

Roimhe sin bhí a leithéid de choincheap ag Platón i bPoliteia (An Phoblacht, c 380 RC)

Bhí an coincheap ag Naomh Agaistín (354-430) ina De Civitate Dei contra Paganos (Cathair Dé i gCoinne na bPágánach, c 410).

 
Thomas More, Utopia, eagrán 1777, An Ísiltír

Ina dhiaidh bhí

  • La Città del Sole (Cathair na Gréine, 1623) le Campanella (1568-1639),
  • The New Atlantis (An tAtlantas Nua, 1627) le Francis Bacon (1561-1626) agus
  • The Commonwealth of Oceana (Comhlathas na hAigéana, 1656) le James Harrington (1611-1677).
 
Utopia, Limited, ó Gilbert & Sullivan agus an D'Oyly Carte Opera Co.

Cur i gcoinne cuir in eagar

Rinne Aldous Huxley agus George Orwell ionsaí aorach ar an gcoincheap.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Útóipe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 694.