Is éard atá i gceist le "⁊" (Íomhá) ná giorrúchán a úsáidtear sa Ghaeilge don fhocal "agus" (ar nós "&" an Bhéarla). Bhíodh sé in úsáid choitianta nuair a bhíodh an cló agus an lámh Ghaelach á cleachtadh agus tá sé in úsáid fós i gcomhthéacsanna éagsúla.[1]

Bosca Sonraí Graiféim
CarachtarCuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar, nasclitir agus litir sa script Laidineach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deNoda Tiro Cuir in eagar ar Wikidata
Fógra

Ó chóras giorrúchán Tiro a tháinig sé. Bíonn an t-amparsan agus 'et' Tiro le fáil taobh le taobh sna lámhscríbhinní. Tá leathanach a scríobh Mícheál Ó Cléirigh in 1630 ar a bhfuil ceithre amparsan i gcomórtas le trí shampla den nod - agus 'agus' amháin. Tá dhá shampla den litir 'v' le feiscint chomh maith, cé gurb ionann é agus an 'u'. Tá an lámhscríbhinn ar caomhnú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD-OFM A16, f. viii r.)

Tagairtí cuir in eagar