Rinn neimhe níos mó ná pláinéad agus níos lú ná réalta, is abhac donn é. An tslí a gcruthaítear abhac donn, chuirfeadh sé cruthú réalta i gcuimhne duit ar shlí, ach de cheal maise ní thagann a dhóthain teasa san abhac donn riamh chun go dtosódh an hidrigin ar chomhleá ann. Is deacair abhac donn a bhrath, agus go dtí seo níl ach líon beag reann neimhe aimsithe i mBealach na Bó Finne ar féidir gur abhaic dhonna iad. Mar gheall ar a laghad mais atá iontu é sin, agus iad a bheith ina n-aonar.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochAbhac donn
Cineálcineál reann neimhe