Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

institiúid ardoideachais, cuid d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar aonad laistigh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le forbairtí a dhéanamh ar chúrsaí, ar thaighde, ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ollscoile eile trí mheán na Gaeilge agus le iad a sheachadadh agus a riaradh.

Bosca Sonraí EagraíochtaAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálinstitiúid ardoideachais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2004, Gaillimh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid deOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnuigalway.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Cuireann clár cúrsaí an Acadaimh deiseanna ar fáil do mhic léinn cur lena gcuid scileanna agus a gcuid saineolais agus tabhairt faoi thaighde i réimsí cosúil leis an gcumarsáid raidió agus teilifíse, an t-aistriúchán, na healaíona, an teicneolaíocht faisnéise agus an t-oideachas.

Ionaid an Acadaimh cuir in eagar

Reáchtáiltear clár cúrsaí an Acadaimh ar champas Ollscoil na hÉireann i nGaillimh; ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gCo. na Gaillimhe; agus i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall. Is ionaid lán-Ghaeilge iad na hionaid Ghaeltachta. Ina theannta sin, cuirtear an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil i mbreis agus 20 ionad éagsúil ar fud na tíre.

Naisc sheachtracha cuir in eagar