Is é an t-achtainiam dúil cheimiceach uimhir a 89, agus is é is tús do shraith na n-achtanóideach i dtábla peiriadach na ndúl. Go ginearálta, is í maisuimhir an iseatóip is cobhsaí - 227 - a thugtar in áit mheáchan adamhach na dúile seo. Ba é André-Louis Debierne, ceimiceoir Francach, a d'aithin an t-achtainiam mar dhúil ar leith sa bhliain 1899. Tháinig an Gearmánach Friedrich Oskar Giesel ar an dúil chéanna cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus bhaist sé eamáiniam air, ach sa deireadh, coinníodh ainm Debierne in úsáid, ó ba é an t-ainm ba sine é.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachAchtainiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúil radaighníomhach
Achtainiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachAc
Uimhir adamhach89
Mais adamhach227.028
Peiriad, GrúpaDúil Ghrúpa 3
peiread 7
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.1
Ga ianach112
Stair
AimsitheoirAndré-Louis Debierne
Fionnachtain1899
Eapainmlight beam (en) Aistrigh

Miotal lonrach é an t-achtainiam, agus é chomh radaighníomhach is go bhfuil luisne ann a fheictear sa dorchadas. Is í an radaighníomhaíocht a thabhaigh a ainm don achtainiam. Is é 227Ac an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin róchobhsaí, nó níl sé 22 bhliain ar leathré. Ó thaobh na ceimice de, tá sé an-chosúil leis an lantanam, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá aige ná +3.

Úsáidtear achtainiam mar fhoinse radaíochta, agus sin í an t-aon úsáid amháin is féidir a bhaint as dúil chomh radaighníomhach sin, dáiríre.

Tagairtí cuir in eagar