Is éard a bhí i gceist le Ad exstirpandabulla de chuid an Phápa Innocent IV. Eisíodh ar an 15 Bealtaine 1252 é. Bhain sé le bealaigh le dul i ngleic le heiricigh. Tá aithne air mar an chéad cháipéis ó Phápa a lig do na firéinn céasadh a chleachtadh ar dhaoine a raibh eiriceacht churtha ina leith. Bhí tionchar ollmhór ag an gcáipéis seo ar stair eaglais na meánaoiseanna.

Bosca Sonraí DoiciméadAd exstirpanda
Ad extirpanda Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbulla Phápa Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe15 Bealtaine 1252 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarPápa Innocent IV Cuir in eagar ar Wikidata

Sé an sliocht a bhaineann leis an gcéasadh, as Laidin, ná:

"Teneatur praeterea potestas, seu rector, omnes haereticos quos captos habuerit, cogere, citra membri diminutionem et mortis periculum, […] errores suos expresse fateri, et accusare alios haereticos quos sciunt […]"

Aistriúchán:

"Ba cheart don duine i gcumhacht, iachall a chuir ar chuile eiriceach, atá gafa aige, gan iad a fhágaint le míchumas buan no iad a chur i mbaol a mbáis, a ndearmaid a admháil agus eiricigh eile a bhfuil aithne acu orthu a ainmniú."

De bharr an fhorógra seo cuireadh eiricigh ar chomhchéim le dúnmharfóirí agus coirpigh eile.