Adonis (file)

scríbhneoir aistí agus file (r. 1930)

File Araibise ón tSiria é Adonis, nó Ali Ahmad Sa'id Asbar, a chaith an chuid ba mhó dá ghairmréim sa Liobáin agus san Fhrainc. Rugadh in Al Qassabin in aice le Latakia (An tSiria) é ar an 1 Eanáir 1930. Scríobh sé breis is fiche leabhar Araibise, idir fhilíocht agus chriticeoireacht liteartha, agus deirtear go bhfuil sé ar an scríbhneoir Araibise is dóchúla le Duais Nobel na Litríochta a bhaint amach, má aosaítear dó.

Infotaula de personaAdonis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ar) علي أحمد سعيد إسبر
1 Eanáir 1930
94 bliana d'aois
Al-Qassabin, An tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam, Moslamach neamh-shainchreidmheach, frithreiligiún agus Alawites (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Damaisce
Saint Joseph University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéiriút
Páras
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Gairmfile, múinteoir ollscoile, scoláire liteartha, iriseoir, scríbhneoir, aistritheoir, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirSaint Joseph University (en) Aistrigh
Shir (1957 - 1970) (en) Aistrigh
Ollscoil na Liobáine
Mawakif Magazine (1968 - 1994) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Náisiúnach Sóisialta na Siria (1945–1961) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm cleiteAdonis
أدونيس Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Araibis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileKhalida Saeed (1956–) Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 334ca3f4-ef57-49d8-b2e8-226ed352bc99 Cuir in eagar ar Wikidata

A Shaol cuir in eagar

Feirmeoir a bhí in athair Adonis, agus an mac ag obair sna páirceanna ó bhí sé ina bhrín óg. Alabhaítigh ab ea muintir Adonis, is é sin, bhí baint acu le seict bheag Shítheach nach nglacann cuid mhór de na Moslamaigh Shunnacha léi mar chuid d'Ioslam a thuilleadh. Bhí luiteamas ag athair an bhuachalla le filíocht, agus thugadh sé ar a mhac dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Thosaigh Adonis ag cumadh dánta dá chuid féin go luath, agus nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois, fuair sé deis ceann acu a aithris d'Uachtarán na Siria, Shukri al-Kuwaiti. Thabhaigh sin scoláireachtaí dóibh a cheadaigh dó staidéar a dhéanamh sa mheánscoil áitiúil i Latakia, agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil na Damaisce, áit ar bhain sé amach céim san fhealsúnacht sa bhliain 1954.

Deirtear go minic gurbh é Antun Saadeh, ceannaire Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch na Siria, a bhronn an leasainm sin "Adonis" ar mo dhuine, ach ní mar sin a bhí. Le fírinne, bhí ag teip ar an bhfile a chuid scríbhinní a fhoilsiú sna hirisí Siriacha faoina ainm féin, agus sa deireadh, thosaigh sé ag síniú a chuid scríbhinní mar "Adonis", ainm a chuidigh leis a chuid ábhair a chur i gcló. Sa bhliain 1955, chaith Adonis leathbhliain i dtóin phríosúin, nuair a chuaigh géarleanúint ar bhaill an Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch. I ndiaidh na príosúnachta, chuaigh Adonis ar imirce go dtí an Liobáin, áit ar bhunaigh sé iris filíochta, Majallat Shir, in éineacht le file eile Siriach-Liobánach, Yusuf al-Khal. Bhí a lán daoine míshásta leis an scríbhneoireacht nua-aimseartha thurgnamhach a d'fheicfeá ar an iris, agus sa bhliain 1964, tháinig deireadh léi. Trí bliana ina dhiaidh sin, d'athbheoigh lucht a heagarthóireachta í, ach níor fhill Adonis ar an iris. Bhí fóraim eile ag Adonis cheana féin lena chuid scríbhneoireachta a fhoilsiú, cosúil leis an nuachtán Liobánach Lisan al-Hal agus, ina dhiaidh sin, iris nua filíochta a bhunaigh sé sa bhliain 1968, Mawaqif. Ba iad an dá réalt eolais a bhí aige ina chuid scríbhneoireachta ná an náisiúnachas pan-Arabach agus spioradáltacht mhisteach Ioslam, is é sin, an Súfachas. Bhí sé ina cheannródaí don Nua-Shúfachas a chuaigh chun coitiantachta i bhfilíocht na hAraibise ó na seachtóidí ar aghaidh.

Chaith Adonis na blianta 1960-61 ag staidéar i bPáras, agus sna blianta 1970-85 bhí sé ina ollamh le litríocht na hAraibise in ollscoil na Liobáine. Sna blianta 1980-81, bhí sé ag teagasc Araibise in Ollscoil Sorbonne, Páras.