Aeons

Dísreach electronica

Dísreach ceol leictreonaice déanta suas de Mhuireann Nic Amhlaoibh agus Pádraig Rynne is ea Aeons. Scaoil siad a gcéad singlí, Bealtaine agus An Fhuil, i 2016[1][2]agus a gcéad albam, Fís, i Mí na Bealtaine 2018[3][4].

Bosca Sonraí EagraíochtaAeons
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre2016 –

Bandcamp: aeons-music Spotify: 782YlPexAzrl8oXGitN8Md Cuir in eagar ar Wikidata

Gradaim NÓS cuir in eagar

Tá méid mhaith ainmniúchán gearrliosta faighte ag an dísreach chun gradam NÓS, agus bua acu iontu faoi dhó. Sa bhliain 2019, fuair Aeons ainmniúchán chun 'Banna/Ceoltóir na Bliana'; fuair Fís ainmniúchán chun 'Albam na Bliana', agus fuair 'Cúramaí an tSaoil', ceann de na hamhráin ar Fís, ainmniúchán chun 'Amhrán na Bliana'[5][6], cé gur Kneecap a bhuaigh gach ceann de na duaiseanna sin faoi dheireadh.[7] Sa bhliain 2017, bhuaigh Aeons dhá ghradam NÓS, do 'Físeán na Bliana', le físeán ceoil Bhealtaine, agus 'Nuíosach na Bliana', agus iad i dteideal dul san iomaíocht don ghradam sin toisc gurbh í 2016 an chéad bhliain ghníomhach dóibh. Fuair siad trí ainmniúchán eile freisin; Bealtaine agus An Fhuil araon do 'Amhrán na Bliana', agus an dísreach féin chun 'Banna/Ceoltóir na Bliana'.[8]

Déantar achoimre ar na sonraí seo sa tábla seo thíos:

Bliain Duais Amhrán nó Albam Leibhéal
2019 Banna/Ceoltóir na Bliana - Ainmniúchán
Albam na Bliana Fís Ainmniúchán
Amhrán na Bliana Cúramaí an tSaoil Ainmniúchán
2017 Ceoltóir/Banna na Bliana - Ainmniúchán
Amhrán na Bliana Bealtaine Ainmniúchán
An Fhuil Ainmniúchán
Nuíosach na Bliana - Bua
Físeán na Bliana Bealtaine Bua

Disceolaíocht cuir in eagar

Teideal Bliain Albam
Bealtaine 2016 -
An Fhuil (in éindí le Séamus Barra Ó Súilleabháin) -
Ar Snámh 2018 Fís
Éalú
A Stóirín Bán
Cúramaí an tSaoil

(in éindí le The Rubberbandits)

Stoirm
Fé Scáth
Crann Taca
Drochshúil
Ar Snámh Acústach

(in éindí le Cormac McCarthy)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Foireann NÓS. "https://nos.ie/cultur/ceol/amhran-na-haoine-bealtaine/". nos.ie. Dáta rochtana: 2018-11-16.
  2. Foireann NÓS. "https://nos.ie/cultur/ceol/amhran-na-haoine-an-fhuil-aeons/". nos.ie. Dáta rochtana: 2018-11-16.
  3. Cathal Mac Dhaibhéid. "https://nos.ie/cultur/ceol/albam-ilchinealach-uaillmhianach/". nos.ie. Dáta rochtana: 2018-11-15.
  4. "Aeons: Fís review – Electronica and the Irish language together at last" (en-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2018-11-16.
  5. Foireann NÓS. "Gradaim NÓS 2019" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2019-02-04.
  6. "GRADAIM NÓS: ‘Táimid ag súil le saibhreas an cheoil chomhaimseartha Ghaeilge a léiriú i lár na hardchathrach anocht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-02-04.
  7. "GAILEARAÍ: Cúig chúis cheiliúrtha ag KNEECAP ag Gradaim NÓS 2019" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-02-04.
  8. Foireann NÓS. "Gradaim Cheoil NÓS 2017" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2019-02-04.