Aerfort is ea Aerfort na Sionainne. Tá sé suite ar inbhear na Sionna i gContae an Chláir i Rinn Eanna, 15km ó Chathair Luimnigh.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Aerfort na Sionainne
  • IATA: SNN
  • OACI: EINN
Íomhá
Ainmnithe in ómósSionainn
Sonraí
CineálAerfort idirnáisiúnta agus aeradróm tráchta tráchtála
Foirgníocht1942 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit ar a bhfreastalaíonn an mol iompairLuimneach
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Airde os cionn na farraige46 ft
Rúidbhealach
Ábhar foirgníochta
06/243,199 m45 masfalt
13/311,720 m45 masfalt
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinSionainn, Éire
Map
 52°42′07″N 8°55′29″W / 52.7019°N 8.9247°W / 52.7019; -8.9247
Gníomhaíocht
ÚinéirRialtais na hÉireann
OibreoirShannon Development (en) Aistrigh
Cuairteoirí1,418,084 (2022)
Suíomh gréasáin oifigiúilshannonairport.ie
Instagram: shannon_airport Cuir in eagar ar Wikidata

Aerfort idirnáisiúnta is ea é, agus eitiltí uaidh go dtí Meiriceá chomh maith leis an Eoraip. Tá an t-aerfort in ann déileáil le suas le 5000 paisinéir in aghaidh an lae.

Bhí tábhacht mór leis an aerfort sna 1940idí - 1960idí, mar go raibh an aerfort ar na cinn is gaire san Eoraip do Mheiriceá Thuaidh.

Stair cuir in eagar

D'fhás an aerthrácht trasatlantach le linn an chogaidh agus ba é cósta thiar na hÉireann an áit Eorpach ba chóngaraí do Mheiriceá Thuaidh.

Faing cuir in eagar

 
Aerfort na Sionainne

Thuirling na báid eitilte idir Sasana agus SAM i bhFaing[1], 30km siar ar Bhéal na Sionainne agus, níos déanaí, na heitleáin i Rinn Eanaigh (anois Aerfort na Sionainne), 25km siar ar an mbruach thuaidh.

1940idí cuir in eagar

 
An Eastát Gaelach, Corrbhaile sa bhliain 2007. Tógadh na tithe príobháideacha seo le linn blianta na 1940idí agus chuir mórán bainisteoirí agus teicneoirí Aerfort na Sionainne fúthu iontu.

Osclaíodh an t-aerfort ar 14 Meán Fómhair 1945. Osclaíodh an chéad siopa saor ó cháin ar domhain ann sa bhliain 1948 chun freastail ar phaisinéirí a bhí ar a mbealach idir An Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Fostaíodh mórán oibrithe i seirbhísí nua ar nós áth-bhreoslacháin, deisiú eitleán, meitéareolaíocht, stiúir aerthráchta agus lónadóireacht.

Baile na Sionna cuir in eagar

Tógadh baile nua ar a dtugtar An tSionnaBaile na Sionna faoi rialtas Sheáin Lemass. Rinn Eanna a bhí ar an mbaile fearainn seo i gContae an Chláir roimhe sin. Bhí tógáil an bhaile ceangailte le tógáil Aerfort na Sionna, agus ar ndóigh tugann an aerfort fostaíocht dona lán de mhuintir an bhaile i gcónaí. Bhí 9,673 duine ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2011.

Timpistí cuir in eagar

Geilleagar cuir in eagar

Tugann an t-aerfort fostaíocht dona lán de mhuintir sa cheantar. Mar sin, b'ábhar conspóide é in Éirinn (go háirithe san iardheisceart) nuair a d'fhógair Aer Lingus i mí Lúnasa, 2007, go raibh sé ag bogadh a chuid eitiltí idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, áit atá siad ag bunú mol nua don aerlíne. I mí Aibreáin 2009 thosaigh Aer Lingus ag eitilt chuig Heathrow ó Aerfort na Sionainne arís de bharr mórán conspóide.

Taisteal cuir in eagar

Is príomhbhóthar náisiúnta é an N19, ón N18 (Luimneach-Inis-Gaillimh), go dtí an tAerfort. Téann cúrsa N18 trí Inis, agus tá sé cóngarach d'Aerfort na Sionainne freisin.Bíonn trácht as Gaillimh agus Luimneach go Aerfort na Sionainne ar an N18 agus N19 agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin.

Eachtraí cuir in eagar

 
Antonov 225
  • Stop an Antonov 225 in aerfort na Sionainne in 2013, agus arís in 2015. Bhí na mílte in aerfort na Sionainne chun an Antonov 225 a fheiceáil[3]. Níl aerfort ar bith eile in Éirinn mór go leor don Antonov 225.

Aerlínte agus ceannionaid cuir in eagar

AerlínteCeannphointí
Aer Lingus Baile Átha Cliath, Boston, Londain-Heathrow, Nua Eabhrac-JFK
Air Transat Torontó-Pearson [séasúrach]
Continental Airlines Newark
Delta Air Lines Nua Eabhrac-JFK [séasúrach]
Ryanair Dún Éideann, Learpholl, Londain-Gatwick, Londain-Stansted, Málaga, Nantes [séasúrach], Palma de Mallorca [séasúrach], Páras-Beauvais, Tenerife-South, Wrocław
Thomson Airways Lanzarote [ag tosú 3 Bealtaine; séasúrach], Palma de Mallorca [ag tosú 4 Bealtaine; séasúrach]

Tagairtí cuir in eagar

  1. áit inar chum fear leanna an aerionaid, Seosamh Ó Sireadáin, an chéad Caifé Gaelach sa bhliain 1944 chun na paisinéirí a choimeád te agus iad ag fanacht ar eitiltí
  2. https://www.youtube.com/watch?v=E_jP69ff_GM
  3. Eleathanach 12 Aibreán 2015