Aerárthach lena chóras fuinnmhithe féin, ardaithe ag buacacht gáis atá níos éadroime ná aer. Bíonn an chabhail i bhfoirm todóige, na hinnill is an gondala leis na cábáin ar crochadh uaithi. Tá 3 fhoirm tógála ann d'aerlonga: docht, leathdhocht, agus neamhdhocht. San aerlong dhocht cinneann an chabhail dhocht an cruth. agus bíonn an gás i gcealla taobh istigh de sin. San aerlong neamhdhocht cinneann an brú sa ghás cruth na cabhlach mar a bheadh balún inti. San aerlong leathdhocht bíonn sé cosúil leis an gceann neamhdhocht, ach cíle dhocht ar a fad. Hidrigin a d'úsáidtí ar dtús mar ghás ardaithe, ach de bharr a hindóiteachta is a drochthaifead sábháilteachta, tá héiliam curtha ina háit le fada anois. Ní bhíonn siad in úsáid go forleathan i láthair na huaire.[1]

Bosca Sonraí AerárthachAerlong
Cineálaerastat Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerlong". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.

Naisc sheachtracha cuir in eagar