Is téacs tábhachtach[fíoras?] é Agallamh na Seanórach (bun-ainm Acallam na Senórach) atá ón 12ú haois, thart sa bhliain 1175. Is éard atá in Agallamh na Seanórach ná bailiúchán de scéalta agus de dhánta atá faoi Fhionn agus imeachtaí na bhfian. Níl sé cinnte cé mhéad mír atá ann ach meastar go bhfuil thart ar 8,000 líne ann. Is frámascéal é an téacs seo agus is féidir laoithe a chur isteach nó a bhaint amach gan dochar ar bith a dhéanamh don téacs. Nascann an t-ábhar agus an modh inste na scéalta agus na dánta. Tá idir 150-200 scéal agus dán sa bhailiúchán seo a thugann léargas dúinn ar eachtraí na bhfian. Sa saothar seo tá níos mó ná aon leagan amháin, tá ceithre leagan ann agus is iad sin ná:

  1. An bunsaothar ar a dtugtar ‘Agallamh na Seanórach’. Is é sin an leagan is tábhachtaí, agus tá thart ar 70,000 focal ann. Is prós formhór an tsaothair- tuairim is 55,000 focal den iomlán. An fuíollach, 15,000 focal filíochta, tá sé roinnte idir 164 laoi a bhfuil idir 1–49 véarsa.
  2. An saothar beag ar a dtugtar go hiondúil ‘An tAgallamh Beag’. Tá an leagan seo giorra ná an bun saothar le 12,500 focal, filíocht is ea beagnach a leath- 6,000 focal roinnte idir 14 dán. Dánta sách fada is ea cuid acu sin ina bhfuil idir 1-76 véarsa.
  3. An tríú hAgallamh ar féidir linn ‘An tAgallamh Déanach’ a bhaisteadh mar ainm air. Is leagan déanach den téacs é seo atá ón 17ú haois. Is leagan fada é le c.104,000 focal, filíocht is ea timpeall 31,000 focal díobh sin agus iad roinnte idir 122 laoi ina bhfuil idir 1 – 146 rann.
  4. Leagan nua-aimseartha den bhun-Agallamh ar a bhféadfaimis ‘An tAgallamh Nua’ a thabhairt mar theideal atá le fáil i lámhscríbhinní ó Chúige Mumhan san ochtú agus sa naoú haois déag. Níl an leagan seo is tábhachtach ná na thrí cinn eile. (Ó Muraíle,M. 1995).
WD Bosca Sonraí LeabharAgallamh na Seanórach
Cineálscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsithe iLeabhar Leasa Mhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharAn Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Cuid deAn Fhiannaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Níl aon dabht[fíoras?] ná gurb é an bun-Agallamh an leagan is tábhachtaí agus is fiúntaí de na ceithre cinn sin ó thaobh na litríochta de, ach níor cheart neamhaird a thabhairt ar an gcéad dá cheann eile go háirithe.[fíoras?]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar