Is é is bun-bhrí leis an téarma Aifreann Laidineach ná "Aifreann i Laidin", ach úsáidtear é freisin le brí "Aifreann de réir deasghnáth Chomhairle Trent" (Missa Tridentina nó Aifreann Triontach).

Aifreann i Laidin cuir in eagar

I dtús na Críostaíochta is sa Ghréigis a ceiliúradh an tAifreann i gcathair na Róimhe, ach ón tríú aois ar aghaidh ceiliúradh é, ní amháin sa Róimh ach i ngach tír Iarthar Eorpa, i Laidin, teanga an léinn agus an chultúir sa limistéar sin go dtí an Athbheochan agus (i bhfoirm laghdaithe) do gtí an 19ú haois. Mar eisceacht, úsáidtí an tSean-Sláibh sa Bhalcáin le ceadú na bPápaí.[1] [2]

Is é riail láithreach na hEaglaise, tar éis Dara Comhairle na Vatacáine, nach bhfuil iallach ar an sagart an Laidin a úsáid ag ceiliúradh an Aifrinn dó, ach ceadaítear dó í a úsáid i gcónaí, ach amháin in Aifrinn ar chlár lena gceiliúradh i dteanga an phobail (Redemptionis sacramentum, 112).

Aifreann Chomhairle Trent cuir in eagar

Cumann an Aifrinn Laidinigh ann chun an Aifreann a chaomhnú in Éirinn mar ba ghnách é a cheiliúradh roimh 1970. Ceadaítear do na grúpaí a bhfuil ceangail eadarthu agus an fhoirm sin den Aifreann feidhm a bhaint as an Leabhar Aifrinn a d'fhoilsigh an Pápa Eoin XXIII sa bhliain 1962, in ionad an eagráin chomhaimseartha. Leis an litir Summorum Pontificum shocraigh an Pápa Beinidict XVI na rialacha a bhaineann le húsáid an Leabhar Aifrinn sin. [1] Sa bhliain 2021, chealaigh Pápa Proinsias Summorum Pontificum.

Eagraíochtaí Traidisiúnta cuir in eagar

  • Sámtha Baineann Traidisiúnta
    • Beinidictigh – Jouques, An Fhrainc
    • Beinidictigh – Le Barroux, An Fhrainc [21]
    • Beinidictigh – Rosans, An Fhrainc
    • Ban-Chanónaigh Rialta Máthair Dé - Gap, An Fhrainc [22]
    • Siúracha na Fola Ró-luachmhar – Schellenberg, Liechtenstein
    • Siúracha na Fola Ró-luachmhar – St. Pelagiberg, An Eilvéis
    • Beinidictigh Muire, Banríon na nAspal - Kansas City, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá [23]
    • Adhraitheoirí Chroí Ríoga Íosa Chríost Ard-Shagart, Gricigliano, An Iodáil [24]
    • Cairmilítigh Díbhrógacha - Valparaiso, Nebraska, Stáit Aontaithe Mheiriceá [25]
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Baffe, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Draguignan, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Naoned, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Pontcalec, Berne, An Fhrainc
    • Doiminicigh an Spioraid Naoimh – Saint Cloud, An Fhrainc
    • Íobartaigh Rialta Chroí Ró-Naofa Íosa – Marseille, An Fhrainc
    • Institiúid Seirbhísigh Banríon na nAspal - Columbus, OH, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Traidisiúnaithe cuir in eagar

  • Cairdinéal Reamonn Leon de Búrca
  • Easpag Athanasius Schneider
  • Taylor Marshall
  • Jakob Rees Mogg
  • Moinsíneoir Gilles Wach (ICRA-S)
  • Ardeaspag Marcasaín Lefebvre (CNPX)
  • Dáibhí Pagliarani (CNPX)
  • Seosamh Bisig (BSPN)
  • Aindrias Komorowski (BSPN)
  • Pilib Mora (ICRA-S)
  • Gearard Deighan
  • Tiomóide Gordon

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Summorum Pontificum, Litterae Apostolicae Motu Proprio Datae, die septima m. Iulii, A.D. MMVII - Benedictus XVI | Benedictus XVI". www.vatican.va. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  2. Super User. "Vocation-Canon" (en-us). www.institute-christ-king.org. Dáta rochtana: 2023-11-03.