Is é an t-aigéad sulfarach (H2SO4) ocsaigéad an tsulfair, agus is é an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an sulfar ann ná +6. "Ola vitriail" an seanainm. Tá sé intuaslagtha san uisce i ngach coibhneas measctha, agus is aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é araon. Tá sé in ann uisce a bhaint as móilíní orgánacha freisin, agus úsáidtear i bpróisis cheimiceacha é dá réir. Is amhábhar agus imoibreán ardtábhachtach é sa tionsclaíocht. Is í an trí-ocsaíd sulfair, SO3, is ainhidríd don aigéad sulfarach - is é sin, an chomhdhúil a thabharfaidh aigéad sulfarach má imoibríonn sé leis an uisce.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad sulfarach

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach97.96 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachH₂SO₄
SMILES canónta
Model 2D
OS(O)(=O)=O
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.8302 g/cm³ (a 20 °C, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Slaodacht dhinimiciúil21 mPa s (a 25 °C, 1 atm, leacht) Cuir in eagar ar Wikidata
Comhéifeacht athraonta1.397 Cuir in eagar ar Wikidata
PKa1.92 (a 25 °C)
−3 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.72 D
Pointe leáite10.31 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe337 °C (a 1 atm) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach2.72 D
Galbhrú0.001 mmHg (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Meánteorainn nochta ualaithe ama1 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte15 mg/m³
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()
Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (GHS05: creimeadh) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
tais-scópacht, éadathachas, odorlessness (en) Aistrigh agus aigéad láidir

Faightear aigéad sulfarach trí shulfar a ocsaídiú. Ar dtús, dóitear sulfar go dé-ocsaíd sulfair SO2. San ocsaíd seo, áfach, níl an sulfar ach +4 ar uimhir ocsaídiúcháin, agus mar sin, tá sé riachtanach é a ocsaídiú go +6, rud a dhéantar trí thuilleadh ocsaigine a thabhairt don dé-ocsaíd agus an pheantocsaíd vanaidiam, V2O5, ag catalú an imoibriúcháin. Ansin, gheofar an trí-ocsaíd. Imoibriú an-eisiteirmeach é, áfach, imoibriú na trí-ocsaíde sulfair leis an uisce, is é sin, scaoiltear a lán fuinnimh saor dá thoradh, agus is deacair srianta maithe a choinneáil leis an imoibriú seo fiú faoi imthoscaí na monarchan. Mar sin, is é an rud a dhéantar ná go dtuaslagtar an trí-ocsaíd san aigéad sulfarach tiubhaithe, ionas go bhfaighfear leacht tromghluaiste ar a dtugtar oleum. Focal Laidine é oleum a chiallaíonn "ola", ach i ndéantús an aigéid shulfaraigh, is é is brí leis ná meascán as aigéad sulfarach agus cineál polaiméirí, ar nós an dé-aigéad sulfarach H2S2O7. Ansin, cuirfear an t-uisce leis an oleum go cúramach, go dtí go mbeidh sé ina aigéad sulfarach glan.

Tugtar sulfáití ar shalainn an aigéid seo. Tá an chuid is mó acu sothuaslagtha san uisce, ach is eisceachtaí iad sulfáití na miotal cré-alcaileach, ar nós sulfáit chailciam (gipseam, plástar gipsim), sulfáit strointiam, sulfáit bhairiam, agus sulfáit raidiam. Tá an tsulfáit raidiam ar an tsulfáit is dothuaslagtha ar fad. Is mianraí nádúrtha iad a lán sulfáití, na cinn seo mar shampla:

  • bairít (sulfáit bhairiam)
  • ceilistít (sulfáit strointiam)
  • anglaisít (sulfáit luaidhe)
  • ainhidrít (sulfáit chailciam, agus í saor ó uisce)
  • gipseam (sulfáit chailciam, agus uisce mar chuid de struchtúr an chriostail)
  • calcaintít (sulfáit chopair)
  • mianraí éagsúla sulfáite maignéisiam (cíosairít, eapsaimít, agus a lán eile)
  • meilintirít (sulfáit iarainn)