Is í an aigéaneolaíocht, nó eolaíocht na mara, an eolaíocht a bhaineann leis an aigéan. Is fo-ábhair na haigéaneolaíochta iad an aigéaneolaíocht fhisiciúil agus cheimiceach, bitheolaíocht na mara, agus geolaíocht na mara.

Tá staidéar na n-aigéan, de ghnáth ina 4 fho-dhisciplín[1].

  • Pléann an aigéaneolaíocht gheolaíoch le struchtúr is éabhlóid ghrinneall na farraige ón gcladach amach, deascadh ar an ngrinneal san áireamh.
  • Baineann aigéaneolaíocht cheimiceach le gach gné de cheimic an ghrínnill is an tsáile.
  • 1966 CPA 3309
    San aigéaneolaíocht fhisiciúil tagann na sruthanna aigéanacha, na tonnta, na taoidí is imoibríthe na farraige leis an atmaisféar is na gaotha san áireamh.
  • San aigéaneolaíocht bhitheolaíoch pléitear le héiceolaíocht an aigéin, na horgánaigh mara uile faoi na cúinsí athraitheacha físiciúla is ceimiceacha a tharlaíonn sa chomhshaol sin.
Súnámaí (2004)

Tagann gnáthóga an chósta is an aigéin isteach sa scéal,

  • acmhainní an aigéin,
  • tionchar an duine ar gach gné den aigéan,
  • agus na haigéin i gcomhthéacs an athrú aeráide domhanda.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)