Comhdhúile orgánacha iad na haildéid ina bhfuil an grúpa carbóinile −C(H)=O i gceann an tslabhra d'adaimh charbóin. Ó tá dhá nasc oscailte ag an ngrúpa carbóinile, ní mór ceann acu a dhúnadh le hadamh hidrigine H agus an ceann eile ceangailte den tslabhra. Mar sin, is féidir a rá gurb é (nó ) feidhmghrúpa na n-aildéad. Is iad an formaildéad nó an meatánal agus an t-aicéataildéad nó an t-eatánal an dá aildéad is simplí. (Mar is léir ón dá shampla seo, is é -ánal is deireadh d'ainmneacha córasacha na n-aildéad, ach bíonn ainmneacha traidisiúnta ar chuid mhór acu agus iad níos coitianta sa litríocht cheimiceach féin ná na hainmneacha córasacha.)

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAildéad
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian
Struchtúr ceimiceach
SMILES canónta
Model 2D
[H]C([*])=O
Aildéad
Struchtúr ginearálta na n-aildéad
Struchtúr ginearálta aildéid. Is féidir leis an R-fhréamh a bheith ina adamh hidrigine nó ina fhréamh orgánaile (ailcil-, aril-, ailcéinil-, srl.). Tá grúpa na n-aildéad (grúpa formaile) marcáilte i ndath gorm.
Beispiele
Samplaí: formaildéad (meatánal, ar clé), aicéataildéad (eatánal, sa lár) agus próipianaildéad (própánal, ar dheis) le grúpa na n-aildéad marcáilte i ndath gorm (formailghrúpa)

Is í an difríocht idir na haildéid agus na céatóin ná go bhfuil an grúpa carbóinile i lár an tslabhra carbóin sna céatóin: cuir i gcomparáid an próipianaildéad (an própánal) agus an t-aicéatón (an própánón) , ar isiméirí iad.

Bíonn aildéid coitianta go maith sa cheimic orgánach, agus is aildéid iad a lán cumhrán. Is aildéad í an fhanailin a thugann an blas agus an boladh sainiúil don fhanaile, agus is é an cainéaldéad is cúis le blas agus boladh an chainéil.

Sraith homalógach na n-aildéad cuir in eagar

Uimhir
(Adamh carbóin)
Ainm-
AIGCF
Beagainm Foirmle mhóilíneach Foirmle struchtúrach Fiuchphointe
in °C[1]
1 Meatánal Formaildéad CH2O −19,1
2 Eatánal Aicéataildéad C2H4O 20,1
3 Própánal Próipianaildéad
Próipianaildéad
C3H6O 48
4 Bútánal n-Bútaraildéad C4H8O 74,8
5 Peantánal Ailéaraildéad
Aaimiolaildéad
n-Pentaldehyd
C5H10O 103
6 Heicseánal Caprúnaildéad
n-Heicsaildéad
C6H12O 131
7 Heipteánal Heiptaildéad
n-Heiptaildéad
C7H14O 152,8
8 Ochtánal Caprailaildéad
n-Ochtaildéad
C8H16O 171
9 Naonánal Pelargonaldehyd
n-Nonylaldehyd
C9H18O 191
10 Deicilánal Caprailaildéad
n-Decylaldehyd
C10H20O 208,5
11 Aondeacilánal Hendecanal
n-Undecylaldehyd
C11H22O 117(18 mbar)
12 Dódeicilánal Laurinaldehyd
Dodecylaldehyd
C12H24O 238
14 Teitrdeicilánal Myristylaldehyd
Tetradecylaldehyd
C14H28O 260

Aildéid thábhachtacha cuir in eagar

  1. Teimpléad:CRC Handbook