Is ailse urchóideach í ailse cheirbheacs.[1] Is é an víreas sineánómach daonna, nó an papalómaivíris daonna, nó VSD (HPV i mBéarla), is cúis leis an ailse, víreas a scaiptear ó dhuine go duine le linn gníomhaíochta gnéis (ní gá gur comhriachtain a bheadh i gceist). Is féidir le fir agus mná araon an víreas a tholgadh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAilse mhuineál na broinne
cuir in eagar
Cineálailse útarach, cervix disease (en) Aistrigh, uterine cervix neoplasm (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisoinceolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachZNF804B agus EXOC1 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10C53.9 agus C53 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9180.9 agus 180 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPX75 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM603956 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB2278 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000893 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine253513 agus 402329 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD002583 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet213761 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0007847, C0007873, C4048328 agus C5679805 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:4362 Cuir in eagar ar Wikidata
Tá an ceirbheacs lofa ag an gcarcanóma mór seo (bun an phictiúir). Níos airde ar an mbroinn, go teagmhasach sa chás seo, tá sceachaill neamh-úrchóideach chruinn a dtugtar léamuóma uirthi (Béarla:leiomyoma).

Cur síos cuir in eagar

Tá os cionn 100 cineál VSD ann ach níl ach 13 cinn acu aitheanta mar chúis leis an gcineál seo ailse agus bíonn dhá cheann díobh – cineálacha 16 agus 18 – ina gcúis do 70% de na cásanna. Is féidir gur comhartha don ghalar seo é fuiliú na faighne, ach is minic nach mbíonn airíonna ar bith le haithint roimh fhorbairt na hailse tromchúisí.

Nuair nach bhfuil an ailse ach i dtús a forbartha, is féidir dul i muinín máinliachta le hí a leigheas, eisceadh logánta san áireamh. Níos déanaí i bhforbairt na hailse, beidh ceimiteiripe agus radaiteiripe ag teastáil freisin.

 

vacsaín i gcoinne an víreas sineánómach daonna (VSD) á hofráil chun girseacha óga a chosaint ar an dá chineál is coitianta den víreas is mó is trúig leis an ailse seo, mar atá, VSD-16 agus VSD-18 (Vacsaín HPV). Tá sé incheaptha go mbeidh vacsaín ann a dhíonfaidh an t-othar ar na cineálacha eile den víreas seo ar féidir leo an ailse seo a tharraingt air.

Úsáidtear smearadh Pap, modh oibre a chéadcheap George Nicolas Papanicolaou, leis an ngalar a aithint go luath rud a ligeann do na cnáimhseoirí é a leigheas le hobráid cuíosach simplí.

Eipidéimeolaíocht cuir in eagar

 
Is é an ceirbheacs oscailt na broinne.

Is féidir le hailse cheirbheacs a bheith iontach tromchúiseach. Tá an ráta is airde d’ailse cheirbheacs in Iarthar na hEorpa, in Éirinn. Is í seo an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[2] Sa bhliain 2015 in Éirinn[3]

  • Fuair timpeall 90 bean bás de bharr ailse cheirbheacs
  • Theastáil cóireáil (máinliacht, ceimiteiripe agus/nó radaiteiripe) de bharr ailse cheirbheacs ionrach ó 280 bean.
  • Theastáil cóireáil ospidéil ó 6,500 bean de bharr riocht réamhailseach den ailse cheirbheacs.

Féach freisin cuir in eagar


Tagairtí cuir in eagar

  1. ""ailse cheirbheacs"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-10-05.
  2. Nuacht RTÉ (2016-10-07). "Titim sa líon daltaí a fhaigheann an vacsaín HPV" (as ga). 
  3. "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-15. Dáta rochtana: 2016-10-09.