Foirm ailtireachta a bhí leitheadúil in iarthar na hEorpa ón 10ú-12ú céad, a fuair an t-ainm de bhrí gur úsáideadh gnéithe Rómhánacha cosúil le colúin is áirsí cruinne, bíodh is gur úsáideadh iad ar bhealaí neamh-Rómhánacha chun cúlbhánna, aghaidheanna, túir is coirp le han-chuid sraitheanna stuabhealaí a mhaisiú. Ag druidim chun deireadh na ré sin, ba chomhartha é úsáid na mboghtaí iomaireacha go raibh tús le foirmeacha Gotacha ailtireachta. Is iad na heaglaisí ollmhóra boghtacha atá maisithe go hiontach le dealbhóireacht, cosúil leis na hardeaglaisí i nDurham Shasana is i Santiago de Compostela na Spáinne, na séadchomharthaí is fearr ollásaí san ailtireacht seo.

Ailtireacht Rómhánúil

Ailtireacht Rómhánúil in Éirinn cuir in eagar

Is é Séipéal Chormaic, ar Charraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann, a coisriceadh sa bhliain 1134, an ceann is luaithe agus is fearr díobh seo in Éirinn. I measc na nuálaíochtaí ag Séipéal Chormaic, tá: ballaí d’eisléir (clocha cóirithe) gaineamhchloiche; áirsí leathchiorclacha ar fhuinneoga agus ar dhoirse; sraith ord-áirsí mar mhaisiúchán ar na doirse seo; corp agus saingeal sa leagan amach (féach thíos); réimse móitífeanna tipiciúla - fiarláin, rachtáin agus scrollaí ar mhullach colún.[1] Ní raibh roinnt mhaith de na gnéithe atá le feiceáil i Séipéal Chormaic le feiceáil sna séipéil a tógadh ina dhiaidh sin. Roghnaigh na saoir chloiche líon teoranta de na gnéithe agus d’úsáid siad iad i stíl nua Rómhánúil-Ibeirneach. Leagadh amach corp agus saingeal eaglaise; snoíodh réimse leathan de mhóitífí Rómhánúla i ngaineamhchloch; ba mhinic a rinneadh sraith de shnoíodóireacht fhíorchasta ar an doras isteach, a bhíodh i lár na binne thiar. Is é an doras isteach ar Ardeaglais Chluain Fearta in oirthear Cho. na Gaillimhe an sampla is fearr de seo.[2]

 
Séipéal Chormaic

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Buaicphointí Carraig Phádraig".
  2. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Rómhánúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.