Ailtireacht na hIaráine seanda, ag tosú le foirgnimh dhaingnithe sa 8ú-7ú céad RC. Ina dhiaidh sin bhí colúin is ballaí ramhra, déanta as cloch is brící láibe, maisithe go lonrach le rilífí, brící glónraithe is stucó snoite. Sampla iontach is ea Pálás Peirsipilise (c 518–460 RC) le halla an chéad colún mar sheomra na ríchathaoireach. As an bPeirs a tháinig an dearadh croschruthach don mhosc san ailtireacht Ioslamach, ón mosc in Isfahan (16121638).[1]

Radharc oíche ar Dhroichead Siose in Isfahan, "droichead na 33 áirse". Tógadh timpeall na blianna 1600 é.
Iarsmaí Peirsipilise

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Peirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.