Go dtí an 20ú céad bhí ailtireacht na Síne bunaithe ar an gcolún, le ballaí mar scáthláin is ní mar struchtúir iompartha ualaigh. Seachas na pagódaí, as adhmad a bhíodh na foirgnimh den chuid is mó. Is ó rítheaghlach Tang (618-907 AD) na foirgnimh is seanda, cosúil le pagóda na gé fiáine i Chang'an (701-5). Is ó rítheaghlach Ming (1368-1644) is ina dhiaidh sin an chuid is mó de na seanfhoirgnimh sa tír, ina measc an Chathair Impiriúil is an Chathair Thoirmiscthe i mBéising lena bpleananna siméadracha coimpléascacha, a bpailliúin dhaite is a ndíonta cuartha. Ón réabhlóid i 1911 is stíleanna Eorpacha le struchtúir ilstóracha atá á dtógáil, agus le déanaí is sa stíl Idirnáisiúnta le béim ar ilstóraigh atá an-chuid tógála.[1]

Ailtireacht na Síne

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.