Tugtar an t-ainm seo ar shalainn neamhorgánacha amóinia (mar shampla, aimíd sóidiam, NaNH2, atá láidir bunata is a hidrealaíonn uisce go dtí NH3 is OH-. Úsáidtear an téarma céanna i gcomhair comhdhúl orgánach ina bhfuil an fheidhm -CO.NR2, a dtugtar alcánaimídí orthu freisin. Díorthaítear iad seo ó aigéid charbocsaileacha trí NR2 a mhalartú le OH (is é atá in R ná H nó aon ghrúpa ailcile). Cuimsíonn na polaimídí próitéiní agus cuid de na polaiméirí saorga cosúil le níolón.[1]

Aimídí

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aimídí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.