Próiseas diagnóisithe a dhéantar ag seachtainí 14-18 den tréimhse iompair is ea aimniceintéis.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisAimniceintéis
cuir in eagar
MeSHD000649 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus003921 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1997955 Cuir in eagar ar Wikidata

Tarraingítear sampla beag den sreabhán aimníneach amach as an mbroinn le snáthaid a chuirtear isteach trí bhalla an bhoilg, de ghnáth faoi stiúir íomháú ultrafhuaime.

Bíonn an sreabhán aimníneach timpeall ar an bhféatas, agus cuimsíonn cealla ar féidir a anailísiú chun mínormáltachtaí comhbheirthe sa bhféatas, cosúil le siondróm Down is spina bifida, a bhrath.

Léiríonn an anailís gnéas an fhéatais agus gnéithe normálta an fháis freisin.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “aimniceintéis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aimniceintéis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.