Is éard is ainéaladh[1] ann ná maolú strus inmheánach i miotail i ndiaidh teaschóireála nó oibrithe (cosúil le bualadh, gaibhniú, síneadh), nó gloine i ndiaidh a múnlaithe nó a séidte. Déantar é tríd an réad a choinneáil ag teocht mheasartha chun gur féidir le hatheagrú móilíneach is criostalta tarlú, roimh é a fhuarú go mall. Feabhsaíonn sé seo airíonna fisiciúla, nó athchruthaíonn na bunairíonna.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “annealing — Aistriúchán Gaeilge ar annealing (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ainéaladh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.