Ainmníocht dhéthéarmach

An córas nua-aoiseach tacsanomaíoch chun orgánaigh a ainmniú is a rangú a bhunaigh an nádúraí Sualannach Carl Linnaeus (1707-1778) i lár an 18ú céad. Tá ainm uathúil eolaíoch Laidineach ag gach speiceas ina bhfuil dhá fhocal (déthéarma): ainm gnéitheach le ceannlitir, agus ainm speiceasach. Mar shampla, dhá speiceas de ghné na cruithneachta is ea Triticum aestivum (gnáthchruithneacht aráin) agus Triticum durum (cruithneacht dúraim).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainmníocht dhéthéarmach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 25.