Tugtar aiseotrópmeascán aiseotrópach ar mheascán dhá chineál leacht (nó níos mó fós) nach féidir coibhneas a chuid comhábhar a athrú trí dhriogadh, toisc gurb ionann an coibhneas sin sa leacht agus sa ghal.[1][2] Más meascán neamh-aiseotrópach atá ann, bíonn an ghal níos saibhre i gcomhábhar nó i gcomhábhair áirithe ná an leacht, toisc go bhfuil coibhneas na gcomhábhar ag druidim leis an gcoibhneas aiseotrópach. Cineál cothromaíochta atá i gceist leis an gcoibhneas aiseotrópach, mar sin.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Moore, Walter J (1962). "Physical Chemistry, 3rd ed.": 140-142. Prentice-Hall. 
  2. What is an Azeotrope?