Aisling Ghéar

compántas drámaíochta Gaeilge i mBéal Feirste

Compántas drámaíochta Gaeilge i mBéal Feirste is ea Aisling Ghéar. Compántas cónaitheach í i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, ionad ealaíon Gaeilge ar Bhóthar na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste. Bunaíodh Aisling Ghéar in 1997.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaAisling Ghéar
Sonraí
Cineálcompántas drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1997

Suíomh gréasáinaislingghear.com Cuir in eagar ar Wikidata
lonnaithe sa Chultúrlann, B.F

Maíonn Aisling Ghéar go bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leis na drámaí a léiríonn siad. Le drámadóirí Gaeilge, leithéidí Eoghain Uí Thuairisc agus Mháiréad Ní Ghráda atá cuid de na drámaí sin, ach tá a lán aistriúcháin léirithe freisin acu – drámaí le Machiavelli, W.B. Yeats, Tom Murphy, Rosemary Jenkinson, Eugene Ionesco, Samuel Beckett, Brian Friel, Dario Fo, Willy Russell agus Marie Jones.[1]

Soláthraíonn siad seirbhís aistriúcháin chomhuainigh don lucht féachana.[1]

Tá sé ráite go bhfuil sé cruthaithe ag compántais dá leithéid gur féidir drámaíocht na Gaeilge a chothú ach airgead stáit a fháil.[2]

Sa bhliain 2022, bhí Aisling Ghéar i mbaol a dhúnta tar éis don Chomhairle Ealaíon a maoiniú a ghearradh go hiomlán.[3]

Léirithe cuir in eagar

Ar na léirithe a rinneadh le beagán blianta anuas tá na cinn a leanas:[4]

“Is Iomaí Rud a Tharla – Scéal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe,” dráma le Nuala Ní Néill faoi lánúin a bhaineann le pobal Gaeltachta Bhóthar Seoighe.

“The Baile Project 2019”: gearrscannán dátheanghach idirghlúine a rinne Óige Brassneck i gcomhar le hAisling Ghéar.

“Teach na dTaibhsí/Haunted House”: dráma faoi na taibhsí atá le fáil sa Chultúrlann, áit a tógadh in 1896.

“The Fadgies,” dráma le Nuala Ní Neill faoi na “Pháidithe,” cainteoirí dúchais Gaeilge as Ó Méith a tháinig go Béal Feirste sa 19ú céad, áit ar oibrigh siad mar dhíoltóirí éisc agus torthaí.

Makaronik le Dave Duggan.

Féach freisin cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "About / Eolas | Aisling Ghéar, Irish Language Theatre". www.aislingghear.com. Dáta rochtana: 2022-06-04.
  2. Léirmheas le Fiach Mac Conghail ar An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language, 1930–80, Philip O’Leary, UCD Press (2017). ISBN: 9781910820155: ComharTaighde, https://comhartaighde.ie/eagrain/5/macconghail/.
  3. Meadhbh Ní Eadhra (3 Meitheamh 2022). "Aisling Ghéar ‘i mbaol a dhúnta’ de bharr easpa maoinithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-04.
  4. "Productions / Leirithe | Aisling Ghéar, Irish Language Theatre". www.aislingghear.com. Dáta rochtana: 2022-06-04.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar