Is é Albireo (β Cyg / β Cygni / Beta Cygni) an tríú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Tá sé suite 385 solasbhliana ón Domhain. Is réalta dhúbailte é ach ní féidir ach réalta amháin a fheiceáil leis na súile. Tá dath buí ar an gceann is gile agus dath gorm ar an gceann eile.

Láthair de Albireo

Thug na hArabaigh منقار الدجاجة Minqār ad-Dajājah nó 'Gob na Circe' air ('binn na circe' de réir na bunbhrí), ach nuair a d'aistrigh scoláirí na Laidine an t-ainm sin chuir siad ab ireoireus) air. Ní léir céard is brí leis an ainmfhocal ireus ach is féidir go bhfuil baint ann le luibh éigin nó leis an ireas. Níos déanaí, 'ceartaíodh' é don fhoirm níos Arabaí al-bireo.