Alexander McDonnell

imreoir fichille Éireannach (1798–1835)

Imreoir fichille Éireannach ab ea Alexander McDonnell (1798–1835) a bhí ina duine na himreoirí is fearr an domhain sa chéad leath den 19ú haois déag. Chuaigh sé san iomaíocht i sraith sé chluiche le príomhimreoir fichille an domhain Louis-Charles de La Bourdonnais i 1834, cluiche a fheictear mar chluiche chraobh an domhain neamhoifigiúil.

Infotaula de personaAlexander McDonnell
Ainm sa teanga dhúchais(en) Alexander Mac-Donnell
Beathaisnéis
Breith22 Bealtaine 1798
Béal Feirste, Éire
Bás14 Meán Fómhair 1835
37 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Neifríteas)
Áit adhlacthaReilig Kensal Green Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Gníomhaíocht
Gairmimreoir fichille Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtSasana Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtficheall Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh McDonnell i mBéal Feirste sa bhliain 1798, mac le máinlia. Cuireadh oiliúint air mar cheannaí agus d’oibrigh sé ar feadh tamaill sna hIndiacha Thiar. Sa bhliain 1820, shocraigh sé i Londain, áit ar oibrigh sé ar son ceannaithe sna hIndiacha Thiar, i measc dóibh úinéirí plandálacha agus sclábhaithe. Post brabúsaí a bhí ann a rinne fear saibhir de agus a d’fhág go leor ama aige chun a phaisean don fhichille a chaitheamh. Bhí galar neifríteas, a chuireann isteach ar na duáin, ar McDonnell, agus nuair a chuaigh an riocht in olcas i 1835 (tar éis an cúigiú cluiche in aghaidh Bourdonnais) ní raibh siad an tsraith cluichí a chríochnú. D’éag sé i Londain ar 15 Meán Fómhair 1835.

Tagairtí cuir in eagar