An brainse míochaine a sholáthraíonn cúram d'othair is daoine gortaithe agus a ghlacann freagracht as riachtanais fhisiciúla shóisialta is spioradálta an othair a chabhraíonn lena bhisiú. Is iad altraí an grúpa is mó oibreoirí leighis. De ghnáth bíonn cúrsa foirmiúíl oiliúna is traeneála ann chun cáiliú don ghairm. Déanann altraí monatóireacht ar theiripí, agus de réir a chéile tá cead acu córacha leighis is fiú drugaí a mholadh d'othair. Cabhraíonn siad le dochtúirí is máinlianna ina gcuid oibre siúd le hothair. Le forbairtí sa mhíochaine, tá speisialtachtaí tagtha chun cinn san altranas: altranas ospidéil, péidiatraic, síciatracht, dianchúram, cuairteoireacht baile, is eile. Cabhraíonn altraí le traenáil banaltraí óga agus cothú sláinte sa phobal.[1]

WD Bosca Sonraí GairmAltranas
Cineál fostaíochta
míochaine agus cúram
Banaltra

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Altranas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 33.