Amalgaid mac Fiachrach

Rí Chonnacht

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Amhalaidh mac Fiachra (Sean-Ghaeilge Amalgaid mac Fiachrach) (bás 440[1]). Fiachra mac Echach Mugmedóin ba ea athair, agus Ardrí Eochaid Mugmedón (bás 362) a sheanathair.[2]

Infotaula de personaAmalgaid mac Fiachrach
Beathaisnéis
Bás440
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairFiachra
SiblínNath Í mac Fiachrach

Déantar trácht air mar rí na gConnacht in Sioncronachtaí Laud agus sa Leabhar Laighneach, ina dtugtar réimeas 34 bliain dó. Feictear é fosta in Chronicon Scotorum agus i nAnnála na gCeithre Máistrí. Sinsear ba ea é de chlann Uí Amalgada. Tá Tír Amhlaidh, Contae Mhaigh Eo, ainmnithe as.

Tar éis a bháis, tharla achrann comharbachta i dTír Amhlaidh idir a mhic Aonghas (Óengus) agus Éanna (Éndae). Shocraigh Naomh Pádraig leis an Ardrí Laoghaire mac Néill (bás 462) a dheartháir Eoghan (bás 465) go ndéanfaidís idirghabháil san aighneas. Rinne Éanna a mac Conall a bhaisteadh agus chuir sé i seirbhís Phádraig é chun a chuid tacaíochta a chúiteamh leis.[3]

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 26, 48, 51


Réamhtheachtaí
Níall Noígíallach
Ríthe na gConnacht
? – tar éis 455
Comharba
Nath Í mac Fiachrach