Amhrán na bhFiann

amhrán náisiúnta na hÉireann

Is é Amhrán na bhFiann (Béarla: The Soldiers' Song) amhrán náisiúnta na hÉireann. Scríobh Peadar Ó Cearnaigh na liricí, agus chum Patrick Heaney an port.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilAmhrán na bhFiann

Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm cheoilamhrán náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas B-maol Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirPatrick Heeney (en) Aistrigh
LiriceoirPeadar Ó Cearnaigh
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge
Musicbrainz: 85e2f9dd-fae1-37b7-83e5-66ae30a2ce37 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba i mBéarla a scríobhadh na liricí ar dtús, ach is é an leagan Gaeilge is gnách a chloisteáil inniu. Ní chantar ach an curfá de ghnáth agus is ar éigean go bhfuil an chuid eile den amhrán ar eolas ag duine ar bith.

Tá blas láidir Ghaeilge na Mumhan ar na líricí, agus is minic nach féidir an fonn a choinneáil ach an t-amhrán a chanadh sa chanúint seo. Mar shampla, nuair a chantar ar ardaibh sléibhe, is gá an -bh- san fhocal sléibhe a bhá go hiomlán, mar a dhéantar leis an -bh-/-mh- i nGaeilge na Mumhan ar lorg an ghuta fhada.

Liricí cuir in eagar

Seo dhíbh, a chairde, duan Ógláigh,

Caithréimeach bríomhar ceolmhar, Ár dtinte cnámh go buacach táid, 'S an spéir go mín réaltógach Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo 'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló Fé chiúnas chaomh na hoíche ar seol:

Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

  • duan dán
  • Óglách: Is athfhoirm fhileata den fhocal Óglach é Óglách. Úsáidtear an fhoirm sin anseo ar dhá chúis: 1) ní mór -á- fada a bheith ann le rím a choinneáil leis an bhfocal táid, agus 2) ní mór an bhéim a chur ar an dara siolla, ar mhaithe leis an meadracht.
  • tíocht in áit "teacht", leis an rím a choinneáil le sinn
  • canaídh: is mar "canaig" nó "canaíg" a fhuaimnítear é, mar is gnách i gCúige Mumhan

(Curfá:)

Sinne Fianna (nó: Laochra) Fáil atá fé gheall ag Éirinn,

Buíon dár slua thar toinn do ráinig chugainn, Fé mhóid bheith saor, seantír ár sinsear feasta Ní fhágfar fén tíorán ná fén tráill. Anocht a théam sa bhearna bhaoil, Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil Le gunnascréach, fé lámhach na bpiléar

Seo libh canaídh Amhrán na bhFiann.

  • : fuaimniú Muimhneach an réamhfhocail úd faoi
  • do ráinig: is minic a chantar a tháinig anseo inniu, nó is iomaí Gaeilgeoir nach dtuigeann an focal "ráinig". Briathar uireasach é "ráinig" (nó "do ráinig" i gCúige Mumhan) a chiallaíonn "shroich" nó "tharla", agus is ar éigean a úsáidtear in aon fhoirm eile é seachas aimsir chaite. Cuid de sheanchaint na Mumhan is ea an briathar "ráinig", agus d'fheicfeá sa litríocht Bhlascaodach é. Uaireanta, caitear leis mar a bheadh "ráinigh" ann (ós rud é gurb ionann "ráinig" agus "ráinigh" san fhuaimniú), agus cruthaítear foirmeacha cosúil le "ráineoinn" (a chiallaíonn "shroichfinn").
  • a théam: "téimis" an chiall atá leis an bhfoirm sa chomhthéacs seo, ar ndóigh. An fhoirm a úsáidtear anseo, áfach, is é modh foshuiteach na haimsire láithrí é. Sa mhodh seo, úsáidtear tamhan na haimsire láithrí, ach tagann na hiarmhíreanna ón aimsir fháistineach, ach amháin go bhfágtar -f-, -ó-, nó -eo- na haimsire fáistiní ar lár. An iarmhír sin -am, níl sí beo inniu ach i nGaeilge na Mumhan, cf. ragham (Gaeilge na Mumhan) in áit rachaidh muidrachaimid an Chaighdeáin.
  • fé lámhach na bpiléar: cuir an bhéim ar an -é- san fhocal piléar.

Cois bánta réidhe, ar ardaibh sléibhe,

Ba bhuadhach ár sinsir romhainn, Ag lámhach go tréan fén sárbhrat séin 'Tá thuas sa ghaoth go seolta Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh Gan iompáil siar ó imirt áir, 'S ag siúl mar iad i gcoinne namhad

Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

  • buadhach: is minic a fheictear "buachach" anseo i gcóipeanna doiléire nó mílitrithe den téacs, ach is léir gur buadhach, leagan seanlitrithe den aidiacht buach atá ann.
  • iompáil: leagan Muimhneach den iompú (nó iompó, mar a déarfadh an tUltach). Tháinig "iompáil" díreach ón gcanúint a chleacht Peadar Ua Laoghaire ina úrscéal Séadna.
  • namhad: caithfidh tú an -mh- a bhá go hiomlán ar lorg an -a- fhada,. mar a dhéantar i gcanúint na Mumhan: i gcoinne ná'd.

--Curfá

A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,

Sin breacadh lae na saoirse, Tá sceimhle 's scanradh i gcroíthe namhad, Roimh ranna laochra ár dtíre. Ár dtinte is tréith gan spréach anois, Sin luisne ghlé sa spéir anoir, 'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh:

Seo libh, canaídh Amhrán na bhFiann.

  • bíobha: namhaid
  • agaibh: béim ar an dara siolla, mar a dhéantar i gCúige Mumhan

--Curfá

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar