Is éard is análú ann ná an t-athrú idir ionanálú gníomhach de ghásanna an aeir isteach sna scamhóga tríd an mbéal nó an tsrón agus an t-easanálú éighníomhach de ghásanna éagsúla.[1] I rith ionanálú crapann an scairt agus na matáin idireasnacha, a mhéadaíonn cuas a chliabhraigh agus a tharraingíonn aer isteach sna scamhóga.

Análú

Nuair a shíneann na matáin seo brúitear aer amach ó na scamhóga. Is cuid den riospráid é an t-análú agus tugtar riospráid sheachtrach air uaireanta. Tá mórán cineálacha análaithe ina mbíonn an rithim, an ráta nó na tréithe ann mínormálta.

Anáil agus mothúcháin cuir in eagar

Glacann muid anáil 25,000 uair gach lá gan smaoineamh air. Ach deir saineolaithe go léiríonn an tslí a nglacann muid anáil rud éigin faoinár mothúcháin, faoinár n-intinn agus faoinár gcorp.[2]

Deir siad go n-athraíonn ár n-anáil ag brath ar ár mothúcháin, ar ár smaointe agus ar an gcineál gníomhaíochta atá ar siúl againn. Gan amhras nuair a bhíonn muid ag rith, bíonn muid ag análú níos minice.

Nuair atá muid faoi bhrú, tá análaithe doimhne ar cheann de na bealaí is fearr le strus a ísliú sa chorp. Tá sé an-mhaith anáil mhór, fhada a ghlacadh chun strus a ísliú.

Nuair atá muid ag análú go héifeachtach, téann aer isteach sa dá thrian is ísle de na scamhóga. Cabhraíonn an t-aer sin le gach cuid den chorp.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Oxford, Concise Colour Medical Dictionnary, dara heagrán, eag. Elizabeth A. Martin, Nua-Eabhrac, 1998.
  2. maynoothuniversity.ie (16 Samhain 2020). "Eleathanach 366". Dáta rochtana: 2021.