Cáithnín fonúicléach, a ainmníodh as an bhfisiceoir Albanach Peter Higgs, is ea an bósón Higgs[1]. Mhol Higgs agus dornán eolaithe eile mar mhíniúchán ar an mais atá ag cáithníní áirithe.

Bosca Sonraí CáithnínBósón Higgs
Rangúbósón scálach, cáithnín fíorneodrach, cáithnín neamhdhamhna, candam, bósón tomhais agus cáithníní bunúsacha Cuir in eagar ar Wikidata
Comhdhéanamhluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
Frithcháithnínbósón Higgs Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain2012 Cuir in eagar ar Wikidata
Leathré0.000156 agus 0 Cuir in eagar ar Wikidata
Meatha gobósón W nó Z, leictreon agus fótón Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach0 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachthiggsíonó Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmPeter Higgs Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo35 Cuir in eagar ar Wikidata

De réir an bhundéanta, is bósón mórmhaise scálach é bósón Higgs nach bhfuil guairne ar bith, lucht leictreach ar bith ná lucht datha ar bith aige.

Tá bósón Higgs thar a bheith éagobhsaí chomh maith, nó is dual dó titim as a chéile ar an toirt.

Peter Higgs sa bhliain 2013

Cúlra cuir in eagar

Andy Hocker sa bhliain 2013

Cé go raibh eolas ag na heolaithe ar fhormhór na gcáithníní sa 20ú haois (thug siad leictreoin, prótóin agus neodróin mar ainmneacha orthu), bhí a fhios acu go raibh cáithnín amháin ar iarraidh. Thug siad ‘Bósón Higgs’ mar ainm ar an gcáithnín sin. Gan na cáithníní seo uile ag greamú dá chéile, ní bheadh dada ann sa domhan. Ní bheadh cathaoireacha, ná boird, ná bia, ná éadaí ann. Ní bheadh réaltaí ná pláinéid ann agus ní bheadh an bheatha ann mar is eol dúinn í. Ach cé go raibh eolas ag na heolaithe ar fhormhór na gcáithníní, bhí a fhios acu go raibh cáithnín amháin fós ar iarraidh.[2]

Tarlaíonn briseadh spontáineach na siméadrachta nuair a bhíonn siméadracht an staid is lú fuinnimh sa chóras níos lú ná an t-idirghníomhú a rialaíonn an córas.[3]

Tugtar meicníocht Higgs ar nochtadh bhriseadh na siméadrachta i réimsetheoiric chandamach, agus taispeánann sí conas a leanann cáithníní maisiúla i ndiaidh briseadh na siméadrachta, ní hionann is gnáthréimsetheoiric nach réamhinsíonn ach cáithníní gan mhais.

Bhain Weinberg is Salam feidhm as meicníocht Higgs chun maiseanna an W-cháithnín is an Z-cháithnín a réamhinsint ina dteoiric ag aontú an idirghníomaithe laig is an idirghníomhaithe leictreamaighnéadaigh.

Fo-tháirge ar an mais bhreise a fhaigheann na cáithníní seo is ea cáithnín Higgs.

1954 cuir in eagar

Fuair an bósón a ainm ó Pheter Higgs. Sa bhliain 1964 d'fhoilsigh Higgs agus cúigear eolaithe eile saothar taighde faoi mheicníocht Higgs, agus is éard a bhí i gceist leis an meicníocht seo ná an chúis leis go bhfuil mais ag cáithníní áirithe. Gné den mheicníocht seo é bósón Higgs. (Bíonn cúiseanna éagsúla leis go bhfuil mais ag cáithníní, ach bhíodh sé thar a bheith deacair míniú cuimsitheach a thabhairt ar an mais mar airí de chuid na gcaithníní.) Go bunúsach bhí cáithnín gan ghuairne, bósón a chomhlíonfadh éilimh na teoirice, ag teastáil le go mbeadh an mheicníocht inchreidte mar theoiric, agus baisteadh "bósón Higgs" ar an gcaithnín teoiriciúil seo.

2012 cuir in eagar

Ba dhúshlán tábhachtach é i bhfisic na gcáithníní an bósón Higgs a aimsiú is fianaise thurgnamhach a fháil air. Theip ar chuid mhaith iarrachtaí costasacha roimh 2012.

Sa bhliain 2012 aithníodh cáithnín fo-adamhach a chomhlíon na héilimh seo le linn na dturgnamh úd ATLAS agus CMS leis an Imbhuailteoir Mór Hadróin i saotharlann CERN in aice leis an nGinéiv san Eilvéis. D'fhógair CERN ar 4 Iúil 2012 gur tháinig na heolaithe ann ar an mbósón Higgs.[4][5]

Deimhníodh ina dhiaidh sin gur tháinig airíonna an cháithnín seo agus saintréithe teoiriciúla bhósón Higgs le chéile.[6][7][8]

Bronnadh an Duais Nobel san Fhisic ar Peter Higgs agus François Englert sa bhliain 2013.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó cáithnín Higgs (Fréamh an Eolais le Matt Hussey), nó an 'Dia-cháithnín" fiú
  2. cogg.ie (2012). "Eureka".
  3. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  4. BBC History Hour (2022). "The Higgs Boson: A scientific discovery that explains how the universe works" (as en).  Curtha i gcartlann 2023-04-21 ar an Wayback Machine
  5. Is cuid de stáisiún taighde CERN é an tollán ina raibh an obair seo ar siúl. Úsáideann na heolaithe maighnéid chun a lán den obair a dhéanamh.Bhí níos mó ná 1,600 ollmhaighnéad in úsáid acu ag an am.
  6. Higgs, Peter (1964). "Broken Symmetries and the Masses of Gauge Bosons". Physical Review Letters 13 (16): 508–509. doi:10.1103/PhysRevLett.13.508. 
  7. Englert, François (1964). "Broken Symmetry and the Mass of Gauge Vector Mesons". Physical Review Letters 13 (9): 321–23. doi:10.1103/PhysRevLett.13.321. 
  8. Guralnik, Gerald (1964). "Global Conservation Laws and Massless Particles". Physical Review Letters 13 (20): 585–587. doi:10.1103/PhysRevLett.13.585.