An Cúpla

réaltbhuíon de chuid an stoidiaca sa leathsféar neamhaí thuaidh

Is ceann de réaltbhuíonta an stoidiaca é an Cúpla. Is é Gemini, a chiallaíonn cúpla, an t-ainm Laidine a thugtar air. Faightear ar spéir an gheimhridh an réaltbhuíon seo, agus í suite idir an Tarbh ar an taobh thiar di, réaltbhuíon dhoiléir an Phortáin ar an taobh thoir di, an tAra is réaltbhuíon na Lincse atá beagnach dofheicthe ar an taobh thuaidh di, agus an tAonbheannach is an Madra Beag ar an taobh theas di.

An Cúpla
an Cúpla
an Cúpla
Ainm Laidine (IAU)Gemini
NodGem
Ginideach LaidineGeminorum
Siombalaíochtan cúpla
Dronairde7 h
Diallas20°
Achar514 céim cearnach
Céim 30ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gilePollux (β Gem)
(méid 1.1)
Dreigecheathanna
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −60°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr

Príomhghnéithe cuir in eagar

  • α agus β Gem: tá dhá réalta gheala ar an gCúpla, agus iad ainmnithe as an mbeirt dheartháir dá ngairtear na Dioscuri de réir mhiotaseolaíocht na Gréige - is iad sin Castor (α Gem), ilréalta álainn theileascópacha (is amhlaidh gur réalta shéúil atá inti, a bhfuil a trí chomhbhall is gile infheicthe trí theileascóp beag), agus Pollux (β Gem), atá níos gile agus níos faide siar ó dheas. Is doiléir iad na réaltaí eile ina gcomparáid siúd - ní fheictear riamh ó chathair mhór ach an t-aon cheann amháin acu, is í sin Alhena (γ Gem). Comhdhéanann na réaltaí doiléire siúd dronuilleog siar ó dheas.
  • D'aimsigh William Herschel an pláinéad Úránus ar an réaltbhuíon seo sa bhliain 1781, agus é in aice le η Gem; agus d'aimsigh Clyde Tombaugh an pláinéad Plútón ar an réaltbhuíon seo sa bhliain 1930, agus é in aice leis an réalta darb ainm Wasat (δ Gem).

Réada suntasacha domhainspéire cuir in eagar

  • M35: is é an réad domhainspéire is gile ar an gCúpla ná M35, réaltbhraisle oscailte atá ar an gcúigiú méid, 2,800 solasbhliain i bhfad ón Domhan. Tá sí suite dhá céim go leith siar ó thuaidh de η Gem, gar d'imeall iartharach na réaltbhuíne.


Miotaseolaíocht cuir in eagar

Ós rud é go bhfeictear an réaltbhuíon seo go furasta mar dhá chipíneach chomhthreomhara [1] Curtha i gcartlann 2005-09-27 ar an Wayback Machine má chuirtear san áireamh réaltaí doiléire atá infheicthe ag an tsúil fhornocht, bhíodh baint aici le miotas Castor agus Polaideoicéis (dá ngairtear na Dioscuri). Baineann miotas an chúpla seo go mór le táin bó, agus is cosúil go bhfuil baint éigin ag an mbeirt siúd le Bealach na Bó Finne, a d'fheictí sa seansaol mar thréad bó bhainne agus a théann trí réaltbhuíon an Chúpla.

Cé go dtagann athrú ar threoshuíomh na réaltbhuíone seo de réir mar a bhíonn an cúpla ag claonadh ar dheis nó ar chlé, is iondúil go bhfeictear an cúpla faoi mar atá siad ag claonadh ar chlé. Ach nuair a fheictear iad faoi mar atá siad ag claonadh ar dheis, is amhlaidh go mbíonn duine acu ar Bhealach na Bó Finne agus an duine eile ar an taobh amuigh de. Sa chás seo, bíonn gach dealramh ar an réaltbhuíon go bhfuil duine amháin den chúpla ag goideadh na mbó agus an duine eile ag coinneáil súile air. Cibé scéal é, is dócha go bhfuil baint éigin ag an gCúpla - i dteannta cheantar folamh na spéire in aice láithreach (.i. an dá réaltbhuíon nua an-doiléire an tSioráif is na Lincse) agus i dteannta freisin gnéithe eile ar chomhartha stoidiacach an Chúpla (.i. an Bodach, an tAra agus an Madra Mór) – le bunús mhiotas bhólacht Geryon, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Astralaíocht cuir in eagar

Baineann comhartha astralaíoch an Chúpla (21 Bealtaine - 20 Meitheamh) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.

De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an gCúpla le dúil chlasaiceach an Aeir, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir é (i dteannta na Méá agus an Uisceadóra). Tá an Cúpla freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta na Maighdine, an tSaighdeora agus na nIasc). Is é Mearcair is pláinéad ceannasach leis, agus is é an Saighdeoir is frithchomhartha polach leis.

Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Cúpla na lámha. Dar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an Cúpla. I measc tréithe an Chúpla áirítear: deisbhéalaí, solabharthacht bhinnbhéalach, scileanna láimhe, agus cumas ar gach taobh den cheist a thuiscint. Cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc: camastaíl, mímhacántacht, corraitheacht agus imní.

Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad: Dainté Ailigéirí, Ralph Waldo Emerson, Walt Whitman, Paul Gauguin, W. B. Yeats, Thomas Mann, John Maynard Keynes, Al Jolson, Johnny Depp, Stan Laurel, Cole Porter, Moe Howard, John F. Kennedy, Dean Martin, Judy Garland, George H. W. Bush, Marilyn Monroe, Allen Ginsberg, Bob Dylan, Paul McCartney, agus Morrissey.

Féach fosta cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar


Tagairtí cuir in eagar

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht

an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir