Caolas nó inbhear abhann is ea An Caol Catach (Béarla:The Kyle of Sutherland) a scarann Cataibh ón Siorrachd Rois. Sreabhann sé isteach i gCaolas Dhòrnaich agus cothaíonn na haibhneacha Òiceall, Sin, Abhainn Charsla agus Abhainn Carrann é. Téann na habhainn uilig isteach sa Chaol os cionn Dhrochaid a' Bhanna. Go háitiúil, tugtar 'an Caol' (Béarla:the Kyle) ar an chuid uachtarach den chaolas, an méid intíre is faide le h uisce taoide, a fhreagraíonn do 'Dhrochaid a' Bhannaan', thar Innis nan Líon. Scar an Caol 'Cataibh' agus 'Siorrachd Rois', ar feadh na gcéadta bliain go dtí 1975, nuair a cuireadh deireadh le seanchontaetha na hAlban. Rinneadh contaetha Cataibh agus Siorrachd Rois ina gceantair de Réigiún na Gàidhealtachd, le teorainneacha athraithe. Mar thoradh air seo, tháinig an Caol go hiomlán faoi chúramm Chataibh, cé go leanann mórchuid mhuintir na háite orthu ag tagairt do na teorainneacha bunaidh.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Caol Catach
Íomhá
CineálInbhear Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCaolas Dhòrnaich Cuir in eagar ar Wikidata
Map
57°56′N 4°24′W / 57.93°N 4.4°W / 57.93; -4.4
57°53′20″N 4°20′50″W / 57.888838°N 4.347128°W / 57.888838; -4.347128
Craobh-abhainn

Tuilte 1892 cuir in eagar

Tógadh an chéad Dhrochaid a' Bhanna sa bhliain 1812, tar éis Bhlàr Chùil Lodair; Thomas Telford a rinne innealtóireacht air. Ochtó bliain ina dhiaidh sin, an 29 Eanáir 1892, scuabadh tuile an droichead, geimhreadh ina raibh go leor tuilte móra i dTuaisceart na hAlban. Tugadh le fios go raibh an t-imeacht seo tuartha ag an fháidh Coinneach Odhar.