Is cúige i gCeanada í British ColumbiaAn Cholóim Bhriotanach, suite ar chósta thiar na tíre. Tá timpeall is 4,338,106 duine ann [1], agus is í Victoria (ar an Oileán Vancouver) an phríomhchathair. Is í Vancouver an chathair is mó agus 587,891 duine ina gcónaí ann.[2].

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBritish Columbia
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Splendor Sine Occasu» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilCyanocitta stelleri, Ursus americanus kermodei, Oncorhynchus, Cornus nuttallii, Séad agus Thuja plicata Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNa hOileáin Cheilteacha agus Columbia District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°30′N 124°30′W / 54.5°N 124.5°W / 54.5; -124.5
Stát ceannasachCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,000,879 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5.29 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla944,735 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Fairweather (en) Aistrigh (4,671 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Ciúin (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Críocha an Iarthuaiscirt
Montana (1889–)
Washington (1889–)
Idaho (1890–)
Yukon (1898–)
Alberta (1905–)
Alasca (1959–) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síColony of British Columbia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1871
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisparliamentary democracy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas British Columbia Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint British Columbia Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc Cheanada Cuir in eagar ar WikidataSéarlas, Prionsa na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
• Premier of British Columbia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDavid Eby (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil309,327,000,000 $ (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadradollar Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistV Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód236, 778, 250 agus 604 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2CA-BC Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinwww2.gov.bc.ca… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: BCGovNews GitHub: BCGov Cuir in eagar ar Wikidata
English Bay, Vancouver

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá an tAigéan Ciúin ar an taobh thiar de British Columbiah. Cósta bearnach garbh fada atá timpeall is 27,000 km ar faide. Tá a lán fiordanna doimhne feadh an chósta gan trácht ar 6,000 oileán, an chuid is mó díobh neamháitrithe.

Stair cuir in eagar

Tá daoine ina gcónaí i mBritish Columbia le 11,500 bliain ar a laghad. An chéad rud a thit amach i stair an chúige atá ar eolas againn inniu ná Crith Talún Cascadia, ceann de na creatheanna talún ba láidre ar domhan dá taifeadadh riamh. Ba chúis le súnámaí mór é freisin. Tharla sin ar 26 Eanáir 1700. Bhí eipealár an chreatha talún sin san fharraige taobh thiar ó dheas ó Oileán Vancouver. Am éigin idir na blianta 1750 agus 1775, phléasc bolcán, Cón Tseax (nó Cón Aynsh) in iarthuaisceart British Columbia: idir an laibhe agus na gáis (sreabhadh pireaclástach) a scaoileadh maraíodh timpeall is 2,000 duine, an tubaiste geofhisiciúil is mó i stair Cheanada.[3]

Bhí dlús mór daonra ann cheana nuair a tháinig na chéad Eorpaigh, ach bhuail galair de bharr na teagmhála sin na bundúchasaigh roinnt uaireanta idir na 1770idí agus na 1860idí. B'fhéidir gur thaiscéal Sir Francis Drake an cósta sa bhliain 1579, ach ba é Juan Pérez, Spáinneach, a rinne an chéad turas a bhfuil aon fhianaise scríofa ina thaobh, é sin sa bhliain 1774. Thaiscéal Spáinneach eile, Juan Francisco de la Bodega y Quadra, an cósta an bhliain ina dhiaidh sin. Threisigh an bheirt acu mar sin an t-éileamh a rinne Vasco Núñez de Balboa ar son na Spáinne ar chósta uilig an Aigéin Chiúin siar sa bhliain 1513. Bhí na ceannaithe Briotanacha ní ba líonmhaire intíre in aghaidh na bliana, go mór mhór trádálaithe i bhfionnaidh, áfach. Thaiscéal James Cook an cósta arís sa bhliain 1778 agus bhain George Vancouver an cósta amach ag taisteal anoir thar tíre i 1792-93. Sna Coinbhinsiúin Nootka (1794) d'éirigh na Spáinnigh as a gcuid éileamh ar na bólaí sin agus d'fhág sin smacht ag na Briotanaigh ar an gcósta taobh thuaidh agus thiar d'Abhainn na Colóime.

Bhí sé socraithe ag an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe go mbeadh cead ag a gcuid saoránach trádáil áit ar bith in iarthar Mheiriceá Thuaidh idir na Críocha Rúiseacha san iarthuaisceart agus teorainn Mheicsiceo san iardheisceart. I gcleachtadh, tháinig na Briotanaigh in uachtar ó thuaidh agus na Meiriceánaigh ó dheas. Socraíodh teorainn idir an dá thír ar an 49ú line dhomhanleithid le Conradh Oregon sa bhliain 1846. Limistéar Briotanach neamheagraithe a bhí ann go fóill, áfach. De réir a chéile, d’éirigh cuid de na dúnfoirt agus poist thrádála ina mbailte beaga. Rinneadh Coilíneacht Oileáin Vancouver den oileán úd sa bhliain 1849 agus Victoria mar phríomhbhaile uirthi.

Thosaigh a lán Meiriceánach a theacht isteach ar an mórthír de bharr ruaig óir sa bhliain 1858, agus ar eagla go ngabhfadh na Stáit Aontaithe an áit, thug an Bhreatain aitheantas di mar Choilíneacht British Columbia. Westminster an príomhbhaile. Cuireadh Ceanada féin ar bun mar thír faoi leith sa bhliain 1866 in oirthear na mór-roinne. Cuireadh an dá choilíneacht (Oileán Vancouver agus an Cholóim Bhriotanach) le chéile, agus ar an 20ú lá de mhí Iúil 1871 rinneadh an séú cúige Cheanada den Cholóim Bhriotanach.

Ghlac British Columbia stádas úd mar chúige sa chomhnaidhm Cheanadach ar an gcoinníoll go nglacfadh Ceanada fiacha na coilíneachta agus go dtógfaí iarnród trasna na tíre mar nasc idir British Columbia agus cúigí an oirthir. Gheall rialtas Cheanada go dtógfaí an tiarnród taobh istigh de 10 mbliana ach níor cuireadh tús leis go dtí an bhliain 1881. Bhagair muintir an chúige go dtarraingeodh siad ón chónaidhm. Faoi dheireadh, sa bhliain 1885 cuireadh críoch le síniú an Canadian Pacific Railway go dtí cósta an Aigéin Chiúin. D’fhás cathair agus calafort Vancouver ag ceann chúrsa thiar an iarnróid.

 
An Tiarna Strathcona ag tiomáint an spíce dheireanaigh ag Craigelachie na Colóime Briotanaí ar an 7 Samhain 1885

Cúrsaí eacnamaíochta an chuid ba thábhachtaí de stair an chúige ina dhiaidh sin. Shocraigh na cúigí eile go dtabharfadh Tiarnas Cheanada $1 milliún mar chabhair eacnamaíoch don Cholóim Bhriotanach, $100,000 sa bhliain.[4] D’fhás an geilleagar, go mór mhór an fhoraoiseacht, an fheirmeoireacht agus an mhianadóireacht. Bhí na bundúchasaigh thíos leis seo, agus cuid mhaith dá dtailte tógtha uathu. D’fhás teannas i measc na nEorpach mar gheall ar na Sínigh agus Seapánaigh a tháinig a chónaí ann. Bhris círéibí amach ina gcoinne seo sna blianta 1887 agus 1907. Cuireadh stad iomlán, nach mór, le hinimirce na Síneach faoin mbliain 1923.

Tháinig forbairt mhór ar gheilleagar an chúige i lár na 20ú haoise. Sa bhliain 1942, agus an Dara Cogadh Domhanda faoi lánseol, osclaíodh an Mórbhealach Alasca, rud a cheangail na 48 stát Meiriceánacha le hAlasca agus d'oscail cuid mhaith de lár agus thuaisceart na Colóime Biotanaí d'fhobairt freisin. Thángthas ar ola agus gás nádúrtha gar do Fort St. John i gceantar Peace River. Tógadh bóithre, iarnróid agus dambaí sna 1950ídí, '60ídí, agus luath-70ídí, na dambaí mar chuid de thionscadal i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe. Shínigh comhlacht sa chúige aontú lena mhacasamhail sa tSeapáin chun 45 milliún tonna méadracha de ghual a easpórtáil sa bhliain chuig an tír sin. Ag tosnú sna 1970idí, d'éirigh an tSeapáin tábhachtach do gheilleagar British Columbia.[5] Sa bhliain 1971, shroich an Pacific Great Eastern Railway Fort Nelson san oirthuaisceart, an chuid is iargúlta den chúige. Chuir sin le forbairt eacnamaíoch an oirthuaiscirt, go mór mór nuair a thosaigh daoine gual ó cheantar Tumbler Ridge a chur chuig an tSeapáin sna 1980idí.

Ó 1972 go 1975, bhí an New Democratic Party (NDP) i réim i mBritish Columbia, an chéad uair a raibh rialtas daonlathach-sóisialta sa chúige. David Barrett an príomh-aire sa rialtas sin. Fuair an Social Credit Party an bua sa bhliain 1975, ach bhí an NDP i gcumhacht arís ó 1991 go 2001. Fuair an Liberal Party bua mór ar na Daonlathaigh Nua sa bhliain úd.

Tionóladh Expo 86, taispeántas domhanda teicneolaíochta, i Vancouver sa bhliain 1986. Bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh sa Cholóim Bhriotanach sa bhliain 2010, in Vancouver agus i Whistler,

Geilleagar cuir in eagar

 
Fíonghort ar bhruach Loch Okanagan

Tá tábhacht faoi leith ag na hacmhainní nádúrtha i ngeilleagar British Columbia, go mór mhór ag an fhoraoiseacht, cé go bhfuil tábhacht na mianadóireachta ag méadú arís faoi láthair freisin. In ainneoin tábhacht na n-acmhainní nádúrtha tá fostaíocht san earnáil sin ag titim de réir a chéile agus fostaíocht sna hearnálacha miondíola agus seirbhísí ag dul i méid. Hollywood Thuaidh a thugtar ar Vancouver as ucht an méid scannánaíochta a dhéantar ansin, níos mó ná i gcathair ar bith eile i Meiriceá Thuaidh seachas Los Angeles agus Nua-Eabhrac.

Tá suíomh agus aeráid an chúige tábhachtach don gheilleagar. Éascaíonn ceann aistir thiar na n-iarnród tras-Cheanada agus calafoirt an chósta trádáil idirnáisiúnta. Cé nach bhfuil ach 5% den talamh oiriúnach don churadóireacht bíonn an aimsir séimh i gcuid mhaith den chúige. Bíonn rath ar na barraí i ngleannta Fraser agus Okanagan sa deisceart.

Ba C$219.994 bn. an olltáirgeacht intíre (OTI) a bhí ag British Columbia sa bhliain 2012.[6]

Cultúr cuir in eagar

Mar gheall ar éagsúlacht gheografaíoch an chúige bíonn an-tóir ar spóirt mar fhánaíocht, champáil, dhreapadóireacht sléibhe, ailleadóireacht, sheilg agus iascaireacht.

Tagairtí cuir in eagar

  1. [1] Statistics Canada
  2. [2] Curtha i gcartlann 2008-06-19 ar an Wayback Machine Suíomh na Colóime Briotanaí
  3. http://www.uqac.ca/mhiggins/tseax.htm,
  4. "British Columbia" World Book Encyclopedia, 2014, lch. 630
  5. Ibid, lch. 360
  6. [3] Statistics Canada arna rochtain ar 15 Mí na Samhna 2013