An Cionn Bán

baile i gContae Aontroma

Sráidbhaile beag cois farraige is ea An Cionn Bán[1] (as Béarla Whitehead), ar chósta thoir Chontae Aontroma, in Ultaibh, atá suite beagnach leathshlí idir Carraig Fhearghais agus Latharna. Tá sé laistigh den pharóiste sibhialta Teampall Uí Chorráin (Béarla: Templecorran), barúntacht stairiúil Bhéal Feirste Íochtarach [2], agus ina chuid de Chomhairle Buirge Lár- agus Oir-Aontroime. Roimh Phlandáil Uladh taifeadadh an t-ainm mar Whitehead and Kinbaine araon.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cionn Bán

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°45′26″N 5°42′14″W / 54.7572°N 5.704°W / 54.7572; -5.704
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT38 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165760

Suite ag bun Chnoc Mhullagh Sluagh, tá an baile i gcuan beag idir aillte aolchloiche an Chinn Bháin agus aill bholcánach dhubh an Chinn Dhuibh, agus Teach Solais an Chinn Dhuibh ar a bharr, a mharcálann an bealach isteach chuig Loch Lao. Tá an Ceann Bán timpeall 32 km ó Bhéal Feirste. Ar chósta eile de Loch Lao, tá na hOileáin Chóplainn, Beannchar agus cuid de chósta Chontae an Dúin le feiceáil go soiléir.

Stair cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Cionn Bán/Whitehead | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "White Head". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2022.