Is ceantar i gcathair na Gaillimhe é an Cladach. Nuair ba chathair le ballaí i seilbh Gallda í Gaillimh sna meánaoiseanna, ba é an Cladach an baile iascaireachta Gaelach thiar uaidh. Bhíodh rí ar an gCladach, a toghtaí imeasc na ndaoine, agus dheineadh sé breithiúnas ar chásanna idir na daoine. Sa Chladach, freisin, a thosaigh nós fáinne Chladaigh, a d'iompraíodh mná i mbealaí éagsúla, ag brath ar a stádas cleamhnais.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cladach
Claddagh (en)
An Cladach (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°16′09″N 9°03′23″W / 53.269037°N 9.056382°W / 53.269037; -9.056382
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe
CathairGaillimh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,614 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde85 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tithe beaga bídeacha a bhí ar an gCladach go dtí na 1930í, nuair a daoradh iad mar chontúirt sláinte, agus nuair a cuireadh eastát tithíochta ar bun dosna daoine a cuireadh as seilbh a seantithe. Tá cuid den muintir céanna fós sa Chladach, agus tá roinnt báid iascaireacha agus pleisiúir ar an duga.

Tá cumann sacair sa Chladach inniu, agus séipéal agus mainistir Doiminiceánach.