Teanga labhartha i mBeinin, i dTóga, agus sa Nigéir is ea í an Fhonais (fɔ̀ngbèfõbè sa teanga, fuaimniú [fɔ̃̀ɡ͡bē]). Úsáidtear mar Fhrancbhéarla í sa cheantar, agus tá 4,1 milliún cainteoirí aici. Is teanga Gbe í, ceann desna grúpaí sa bhfine teangacha Nígir-Chongólach.

Infotaula de llenguaAn Fhonais
fɔ̀ngbè
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais1,935,500 (2016)
Dúchasach doBeinin agus Plateaux Region (en) Aistrigh
StáitBeinin agus Tóga
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
teangacha Volta-Congó
Kwa (en) Aistrigh
Gbe (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2fon
ISO 639-3fon
Glottologfonn1241
Ethnologuefon
IETFfon

Ceann desna teangacha is mó i mBeinin is ea í, á labhairt i ndeisceart na tíre den chuid is mó. Sa lá atá inniu ann labhraítear an Fhonais ar raidió agus ar theilifís i mBeinin.

Cosúil leis na teangacha Gbe eile, is teanga thonúil í. Is teanga ainmní-briathar-cuspóir (SVO) í leis.

Is é an focal idirnáisiúnta is cáiliúla sa teanga seo ná vodun, nó vúdú sa Ghaeilge.

Dáileadh na bpríomhtheangacha Gbe (Capo 1988, 1991)

Fuaimniú cuir in eagar

Gutaí cuir in eagar

Tosaigh Láir Cúil
Dúnta i, ĩ u, ũ
Leath dúnta e, (ẽ) o, (õ)
Leath oscailte ɛ, ɛ̃ ɔ, ɔ̃
Oscailte a, ã

Fuaimnítear na fóinéimí / ẽ / agus / õ / mar [ɛ̃] agus [ɔ̃] i gcónaí.

Consain cuir in eagar

Dé-liopach Liopa-dhéadach Ailbheólach Iar-ailbheólach Aisfhillte Carballach Coguasach Liopa-choguasach
Oclúideach (p) b t d ɖ k ɡ k͡p ɡ͡b
Srónach m n ɲ
Frithchaiteach f v s z ʃ ʒ x ɣ ɣʷ
Creathach r
Neasach j w
Taobhach l

Níl an consain [p] fóinéimeach agus níl sé le fáil ach i bhfocail iasachta áirithe. Úsáideann focail iasachta eile [f].

Ortagrafaíocht cuir in eagar

Scríobhtar an Fhonais leis an aibítir Laidineach. I mBeinin, sainíonn Aibítir na dTeangacha Náisiúnta na litreacha agus na déghraif in ortagrafaíocht na Fonaise.

Aibítir na Fonaise [1]
Cas Mór A B C D Ɖ E Ɛ F G GB H I J K KP L M N NY O Ɔ P R S T U V W X Y Z
Cás Beag a b c d ɖ e ɛ f g gb h i j k kp l m n ny o ɔ p r s t u v w x y z
Fóinéim /a/ /b/ /c/ /d/ /ɖ/ /e/ /ɛ/ /f/ /g/ /ɡ͡b/ /h/ /i/ /d͡ʒ/ /k/ /k͡p/ /l/ /m/ /n/ /ɲ/ /o/ /ɔ/ /p/ /r/ /s/ /t/ /u/ /v/ /w/ /x/ /j/ /z/

Scríobhtar gutaí srónacha le litir an ghuta agus <n> ina dhiaidh.

Gutaí Srónacha
Litriú an ɛn in ɔn un
Fóinéim ɑ̃ ɛ̃ ĩ ɔ̃ ũ

Tagairtí cuir in eagar

  1. Centre national de linguistique appliquée, 1990