An Ghaeilge i gCeanada

Stair na Gaeilge i gCeanada

Tá stair sách fada ag an nGaeilge i gCeanada. Ba é Talamh an Éisc an t-aon áit amháin lasmuigh d’Éirinn ar mhair sí chomh fada sin, ó lár an 18ú haois go dtí lár an 20ú haois, agus canúint ar leith ann a d’eascair, is dócha, ó Ghaolainn na nDéise. Tá an chanúint sin marbh anois, cé go bhfuil Gaeilge á múineadh ina lán ollscoileanna i gCeanada le tamall anuas agus go bhfuil scata díograiseoirí ag iarraidh í a chur á labhairt arís.

Cairt de Thalamh an Éisc a rinne James Cook sa bhliain 1775, nuair a bhí Gaeilge á labhairt go coitianta in oirthear an oileáin.

Réigiúin cuir in eagar

Talamh an Éisc cuir in eagar

Breis is 9,000 bliain d’aois atá na hiarsmaí daonna is sine i dTalamh an Éisc agus i Labradar; tháinig pobal i ndiaidh pobal, agus lucht labhartha Beothuk a bhí ann nuair a tháinig na chéad Eorpach – na Lochlannaigh ar dtús os cionn 1,000 bliain ó shin (i L’Anse aux Meadows), ansin iascairí ó Shasana, ón bPortaingéil, ón Spáinn agus ón bhFrainc, agus sealgairí míolta móra ó thir na mBascach.

Níl cuntas ar Éireannaigh sa réigiún a dtugtar Ceanada anois air roimh an mbliain 1536, nuair a tháinig iascairí ó Chorcaigh chomh fada le Talamh an Éisc. Is cosúil gurb iad sin na chéad chainteoirí Gaeilge a bhí riamh sna bólaí sin, ó ba dheacair do long as Corcaigh (an Mighel, sa chás seo) gan an teanga a thabhairt ar bord léi.

Bunaíodh seacht gcoilíneacht Shasanacha le cairt ríoga i dTalamh an Éisc idir na blianta 1610 agus 1628, agus dealraíonn sé go raibh Éireannaigh le fáil iontu.

De réir an tséasúir a thagadh na hÉireannaigh ar dtús. Nuair a théadh báid iascaireachta ó Shasana chun na Grand Banks sheasaidís ag Port Láirge, ag Loch Garman agus ag Ros Mhic Treoin chun lón a cheannach agus oibrithe a fhostú le haghaidh dhá shamhradh agus geimhreadh amháin – “séasúr Thalamh an Éisc”. Fir gan phósadh ba ea a bhformhór, cé go mbíodh mná ar fóstú freisin. Sa bhliain 1776 dúradh go n-imíodh idir 3,000 agus 5,000 Éireannach gach bliain agus idir seasca agus ochtó bád á n-iompar.

Bhí naonúr as gach deichniúr ina gcónaí laistigh de sheasca míle slí ó Phort Láirge; tháinig mórán eile ó dheisceart Chill Chainnigh, ó iardheisceart Loch Garman, ó oirdheisceart Thiobraid Árann agus ó oirthear Chorcaí. I gCo Loch Garman amháin a bhí Béarla in uachtar.

Is beag duine acu a bhí i dtaithí na hiascaireachta. Bhíodh mórán ag obair cois cladaigh, ag glanadh, ag salannú agus ag triomú na dtrosc, agus a lán ban agus páistí i measc na n-oibrithe. Roghnaigh roinnt de na hÉireannaigh fanacht ann dá ndeoin féin, agus d’fhan cuid eile de dhíobháil airgid; ach ní raibh 10,000 Éireannach féin ina gcónaí ann faoin mbliain 1800. Mhéadaigh ar a líon: bhí 38,000 acu ann faoin mbliain 1836, leath phobal an oileáin agus Gaeilge ag a bhformhór.

I gcalaí St John's agus Harbour Grace a bhí an mhórchuid díobh le fáil, agus scaip siad as sin trí chalaí beaga leithinis Avalon. Iascairí ba ea a bhformhór, cé go raibh ceardaithe, siopadóirí agus ceannaithe ina measc, agus scata maith seirbhíseach a tháinig anall leo féin.

Is beag áit eile taobh amuigh d’Éirinn a bhí an Ghaeilge á labhairt ag an mórchuid de na daoine, agus ba dhóigh leat ar an bhfianaise gur Gaeilge amháin a bhí ag beagnach 90% de na hinimircigh a tháinig ó Éirinn sa 17ú haois agus san 18ú haois. Thug siad leo na sean-nósanna agus an béaloideas a bhain leis an teanga ag an am, in éineacht le dóigheanna áirithe chun éadaí, troscán agus tithe a dhéanamh. Thug siad an fhaicseanaíocht féin anall leo agus is iomaí bruíon a bhí ann dá bharr.

Is léir ó cháipéisí cúirte gur minic a bhí gá ag cosantóirí le hateangaire, rud a chuirfeadh in iúl gur beag Béarla a bhí á labhairt i leithinis Avalon. Tá fianaise eile le fáil i gcáipéisí eaglasta. Nuair a rinne an tOirmhinneach Laurence Coughlan Meitidistigh d’fhormhór mór phobal an Chladaigh Thuaidh, limistéar Gaelach, sna 1760í, dúradh gurbh í a chuid Gaeilge ba mhó a chuidigh leis; agus nuair a scríobh an tEaspag Caitliceach James Louis O'Donel chun Baile Átha Cliath ag iarraidh misinéir Proinsiasach le haghaidh Thalamh an Éisc agus Labradar, dúirt sé go gcaithfeadh an misinéir sin Gaeilge a bheith aige.

Deirtear go bhfuair an teanga bás i dTalamh an Éisc roimh dhaichidí an 20ú haois, rud nach féidir a dheimhniú ar fad; b'fhéidir go raibh corrchainteoir le fáil beagán níos déanaí. Is cinnte, áfach, go bhfuil sainchanúint an oileáin marbh anois.

Montréal cuir in eagar

 
Cuan Montréal sa bhliain 1889.

B'Éireannaigh iad 60% dár tháinig ar imirce chun Ceanada idir na blianta 1825 agus 1845, agus a lán acu ina gcainteoirí dúchais. Tháinig siad ina rabharta i rith an Drochshaoil, a bhformhór mór ag teacht i dtír ar oileán Grosse-Île in Québec, áit ar mharaigh an fiabhras na mílte. Is minic a chuaigh siad a chónaí i Montréal, murar rogha leo Ontario nó na Stáit.

Ba bhreá leis na hÉireannaigh Montréal, cathair Chaitliceach: sa bhliain 1831 féin tháinig timpeall 34,000 acu ann, agus sna 1840í bhí siad á bhfódú féin i mbruachbhailte lucht oibre dála Pointe-Saint-Charles. Is éard is dóichí gur thug siad neart Gaeilge isteach leo, ach ba theanga gan fónamh i Montréal í: mheath sí agus tháinig Béarla nó Fraincis ina háit.

Ontario cuir in eagar

D'fhéadfadh cúrsaí na linne cuidiú le húsáid na Gaeilge i gcúige Ontario sa 19ú haois. Tar éis Chogadh na Bliana 1812 tháinig mórán Éireannach isteach chun dul ag obair ar chanálacha, ar bhóithre, ar iarnróid agus sna coillte. Chuaigh mórán le feirmeoireacht ar thalamh a fuair siad go saor nó saor in aisce. Is minic arbh as Cúige Mumhan dóibh, agus as Co Chorcaí nó as Co Thiobraid Árann (a raibh an chuid theas de ina Gaeltacht fós) go háirithe.

D'fhág an Drochshaol a rian ar Ontario: nuair ba mheasa an scéal, sa bhliain 1847, bhí na mílte inimirceach ag fáil bháis i gcuaraintín, go mór mór le tífeas. An fuíoll a tháinig slán b’as Co Shligigh, as Co an Chláir nó as Co Chorcaí do mhórán acu agus Gaeilge acu dá bharr. Chuaigh a lán le feirmeoireacht, agus ba mhinic na cailíní ar aimsir; bhíodh daoine eile ag obair ar na hiarnróid nó sa tionscal tógála sna cathracha. Ba mhór a líon i measc mhuintir na tuaithe i gcomórtas leis na Stáit, agus d'fhág siad logainmneacha Éireannacha ar fud na háite. Is gá breis taighde a dhéanamh ar staid na teanga ann sa dara cuid den 19ú haois.

Cúigí Eile cuir in eagar

Bhí Éireannaigh ag baint amach New Brunswick roimh an Drochshaol, agus sna 1840í tháinig na mílte acu sna longa iompartha adhmaid a bhí ag filleadh folamh. Tá a lorg sin ar Chatham, áit atá an-Ghaelach fós.

I Nova Scotia, áit a raibh pobal teann Albanach (agus Gàidhlig acu), bhí claonadh ag na hÉireannaigh chun dul a chónaí in Halifax, ach mar sin féin d'fhág siad a lorg ar roinnt ceantair thuaithe, go mór mór an Rinn Bhriotánach. Ní fios go díreach cé chomh fada is a mhair an Ghaeilge ann.

Ar mhachairí féir an iarthair níorbh ionann na hÉireannaigh a tháinig díreach ó Éirinn, agus Gaeilge ag roinnt acu ar a laghad, agus na hÉireannaigh a tháinig anoir as Ceanada féin nó as na Stáit - dream nach raibh aon easpa Béarla orthu agus a chuidigh lena chur i bhfeidhm ar fud an réigiúin.

Usáid na Gaeilge Inniu cuir in eagar

Is é an tionscadal Gaeilge is fuinneamhaí i Ceanada Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir. Tá píosa talaimh dá gcuid féin acu in Ontario, agus ranganna agus deirí seachtaine Gaeilge ar siúl acu.

Sa bhliain 2005 measadh go raibh 500 Gaeilgeoir líofa ar a laghad ann a rugadh i gCeanada, gan trácht ar roinnt Éireannach a bhí ina gcónaí i gCeanada agus a bhaineadh feidhm as an teanga. Bhí teaghlaigh ann freisin a labhraíodh Gaeilge sa bhaile. Measadh go n-úsáidfeadh 80% de na Gaeilgeoirí an teanga gach lá.

Ní mór a chuimhneamh nach mbaineann aon duine de lucht úd na Gaeilge le pobal seanbhunaithe anois agus nach mór dóibh tosú as an nua; ach tá gríosú le fáil i gcuimhne na staire. I bhfianaise a bhfuil á dhéanamh chun an teanga a mhúineadh agus a chothú, is dócha go dtiocfaidh méadú mall ar líon na gcainteoirí líofa feasta; ach tá sé le feiceáil an féidir pobal ceart Gaeilge a bhunú.

Tá cúrsaí Gaeilge tríú leibhéal le fáil sna hollscoileanna a leanas:

  • Memorial University, St. John’s, Newfoundland
  • St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
  • St. Francis Xavier, Nova Scotia
  • Concordia University, Montréal, Québec
  • St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
  • Ottawa University, Ontario

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar