Is í an ilchruinne (nó an mheiteachruinne) an tacar hipitéiseach a chuimsíonn le chéile na cruinní atá ann nó gur féidir a bheith ann (lena n-áirítear an chruinne stairiúil a bhfuil taithí againn uirthi): iomlán an spáis, an ama, an dhamhna agus an fhuinnimh, chomh maith le na dlíthe fisiciúla agus na tairisigh fhisiciúla a dhéanann cur síos orthu. Chum an fealsamh agus síceolaí Meiriceánach William James an téarma sa bhliain 1895. Uaireanta, tugtar cruinní comhthreomhara ar na gcruinní éagsúla laistigh den ilchruinne.