An Limistéar Comhshlándála

Is éard atá i gceist leis an Limistéar Comhshlándála (Béarla: Joint Security Area, Cóiréis: 공동경비구역/Gongdong Gyeongbi Guyeok) ná an t-aon chuid den chrios dé-mhíleataithe idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas ina bhfuil fórsaí armtha an dá stát i ndlúth-theagmháil le chéile.

an Limistéar Comhshlándála

Is minic a thugtar Panmunjom ar an áit i gcuimhne ar an sráidbhaile a bhí ansin roimh Chogadh na Cóiré, nó Sráidbhaile an tSos Cogaidh, nó Sráidbhaile na gComhchainteanna.[1] Cuireadh an sráidbhaile féin de dhroim an domhain le linn an chogaidh, agus níl fágtha de inniu ach an "iarsmalann síochána" a thóg muintir na Cóiré Thuaidh san áit ina raibh lár an tsráidbhaile fadó. Tá an Limistéar Comhshlándála suite leathchiliméadar ó dheas ón iarsmalann sin.

An Limistéar Comhshlándála

In Panmunjom a síníodh an conradh faoin sos cogaidh ar an 27 Iúil 1953, a chuir deireadh le Cogadh na Cóiré - go sealadach, ar fad. Ní conradh síochána é, agus mar sin, ó thaobh an dlí idirnáisiúnta de, níl an cogadh sin críochnaithe i gceart go fóill.

Eachtraí cuir in eagar

Thit eachtraí éagsúla amach sa Limistéar Comhshlándála i rith na mblianta. I ndiaidh an tsos cogaidh, d'fhill na cimí cogaidh abhaile agus iad ag trasnú na líne críochadóireachta tríd an "Droichead gan Filleadh" (Béarla: Bridge of No Return, Cóiréis: 돌아올 수 없는 다리/Doraol su eomneun dari).

Fuair an droichead a ainm faoin am seo. Is é an míniú ná go raibh cuid mhór de na saighdiúirí Tuaisceartacha ann arbh fhearr leo fanacht sa leath Mheiriceánach den tír. Ag an droichead seo a fuair siad an fhaill dheireanach le dul go dtí an Chóiré Thuaidh; dá dtrasnóidís an líne críochadóireachta, ní fhéadfaidís filleadh go dtí an Deisceart.

 
Saighdiúir, An Chóiré Thuaidh

Ar dtús, ba iad na saighdiúirí Meiriceánacha a choinníodh súil ar an áit thar cionn na Cóiré Theas, an chuid ba mhó, ach san am chéanna, d'eagraigh Arm na Stát Aontaithe lárionad oiliúna míleata le haghaidh saighdiúirí Cóiréacha Deisceartacha a bheadh sásta dul ar fiannas in éineacht leis na fórsaí Meiriceánacha leis an limistéar a ghardáil.

Na saighdiúirí a fhaigheann oiliúint mhíleata Mheiriceánach ar an mbealach seo, tugtar KATUSA orthu, is é sin, Meitheal Chúnta Chóiréach Arm na Stát Aontaithe (Korean Augmentation to the United States Army).[2]

Tá an lárionad oiliúna, Camp Jackson, suite taobh thuaidh de Súl, príomhchathair na Cóiré Theas.

 
"KATUSA-U.S. Soldier Friendship Week", 2009

Tugtar na Fórsaí Comhshlándála, nó Joint Security Forces, ar shaighdiúirí an KATUSA agus na saighdiúirí Meiriceánacha in éineacht.

Go dtí le déanaí, ní raibh ach dornán saighdiúirí Cóiréacha ann, ach d'imigh sin agus tháinig seo: inniu, is iad na Cóiréigh a ghlac orthu cuid mhór de na dualgais a bhí ar na Meiriceánaigh roimhe seo, agus chuaigh líon na Meiriceánach san áit i laghad. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil na Meiriceánaigh dírithe ar an áit a fhágáil ina hiomláine faoi na Cóiréigh lá de na laethanta seo.

Turasóireacht cuir in eagar

 
Tuarasóirí

Cé go bhfuil caidreamh an dá stát Cóiréach lán naimhdeas agus drochamhras inniu féin, tagann céad míle turasóir go dtí an Limistéar Comhshlándála gach bliain le súil a chaitheamh ar iarsmaí deireanacha an Chogaidh Fhuair.

Scéal eile áfach nach bhfuil cead ag sibhialtaigh ón dá Chóiré cuairt a thabhairt ar an limistéar. Mar sin, ní féidir leo turasóireacht den chineál seo a dhéanamh.

An Scannán Joint Security Area cuir in eagar

 
post breathnóireachta

Sa bhliain 2000, rinne an stiúrthóir Cóiréach Deisceartach Park Chan-wook scannán dar teideal Joint Security Area (Cóiréis: 공동경비구역 JSA/Gongdong Gyeongbi Guyeok JSA). Tugann an scannán cur síos ar shaol na saighdiúirí óga ar diúité ag an teorainn, ach is é is príomhábhar don scéal ná an cairdeas aisteach idir beirt saighdiúirí ón Deisceart agus beirt eile ón Tuaisceart.

Goimh fhrithir is ea críochdheighilt na tíre do mhuintir na Cóiré Theas, agus is é an Limistéar Comhshlándála siombail na críochdheighilte. Mar sin, ní ábhar iontais é go raibh ráchairt mhór ar an scannán. Le fírinne, ba é an scannán ba mhó ráchairt i stair scannánaíochta na Cóiré Theas lena linn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.msnbc.msn.com/id/15563058/
  2. "Abbreviations". U.S. Department of State (29/9/2006). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-07-25. Dáta rochtana: 2010-07-11.